Fuaid
—Ainmfhocal
—
fud, ar feadh; san láthair; san limistéar atá faoi. (Mar seo atá sé san gceanntar seo. Níl leagan na Muimhneach ann: "ar fhuaid an tí". (ar fud an tí). Focal coitianta é mar atá sé sna somplaí).
+–
Chonnaic mise teach breá annsin muis, agus níl cloch ar a fhuaid inniu = níl cloch amháin as cionn a chéile dhe (mar seo adeirtear: there is not a stone upon a stone of it. Ní: "níl cloch as cionn cloiche dhe", cé gur dhóigh dhó sin a bheith ceart freisin, mar tá leagain ar a chosúlacht ann)
Diabhal scór clocha (meáchain) a bhí ar a fuaid {{(cruaich choirce nuair a bhí sí buailte)
TUILLEADH (6) ▼
Is iomdha portach ar an T. Bh. ach dheamhan thiomanta portach ar a bhfuaid is breácha ná an portach se'aghainne
Breaclach uilig é Baile na C. D. sin. Níl garraí maith ar a fhuaid = throughout the length and breadth of it
Dhóigh an sioc na fataí céad fhómhair anuiridh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dóghadh ar T. Sh. san ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn agus anall aca mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
Is mór an ghaisce sib! Tá scata agaibh annsin anois, agus cuirfidh mé mo rogha geall nach bhfuil fear ar u (ur) bhfuaid, a thóigfeas mo mheáchan-sa fós
Bhí cró cearc ag N. Mh. Bh. annsin thuas, ach níor fhága an sionnach cearc ar a bhfuaid
Bhí scoth-bhaile maith annsin le mo linn-sa seacht nó hocht de thithe. Dheamhan teach ar a fhuaid inniu. Imeacht as a rinne siad
Fuaid in iontrálacha eile (2)
Tá mé scriosta ag a' gceapach thurnapaí sin imbliadhna. Dheamhan thiomanta ceann ar a fuaid, nach bhfuil in a bhuinneán.