Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuaid
ainmfhocal
fud, ar feadh; sa láthair; sa limistéar atá faoi. Mar seo atá sé sa gceantar seo. Níl leagan na Muimhneach ann: ar fhuaid an tí (ar fud an tí). Focal coitianta é mar atá sé sna samplaí.
+
Chonaic mise teach breá ansin muis, agus níl cloch ar a fhuaid inniu — níl cloch amháin os cionn a chéile dhe. Mar seo adeirtear: there is not a stone upon a stone of it, ní: "níl cloch os cionn cloiche dhe", cé gur dhóigh dhó sin a bheith ceart freisin mar tá leagain ar a chosúlacht ann
Diabhal scór clocha (meáchain) a bhí ar a fuaid (cruaich choirce nuair a bhí sí buailte)
TUILLEADH (6) ▼
Is iomaí portach ar an T. Bh., ach dheamhan thiomanta portach ar a bhfuaid is breácha ná an portach s'againne
Breaclach uilig é Baile na C. D. sin. Níl garraí maith ar a fhuaid throughout the length and breadth of it
Dhóigh an sioc na fataí céadfhómhair anuraidh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dódh ar T. Sh. sa ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn is anall acu mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
Is mór an ghaisce sibh! Tá scata agaibh ansin anois agus cuirfidh mé mo rogha geall nach bhfuil fear ar a (bhur) bhfuaid a thógfas mo mheáchansa fós
Bhí cró cearc ag N. Mh. Bh. ansin thuas ach níor fhága an sionnach cearc ar a bhfuaid
Bhí scothbhaile maith ansin le mo linnse, seacht nó hocht de thithe. Dheamhan teach ar a fhuaid inniu. Imeacht as a rinne siad

fuaid in iontrálacha eile (2)

 
Tá mé scriosta ag an gceapach thornapaí sin i mbliana. Dheamhan thiomanta ceann ar a fuaid nach bhfuil ina bhuinneán.
 
fás 1
Ní bhfaighidh sibh dhá bhoirdín ar a fuaid. Níl inti ach fás bliana (feamainn)