Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuaidreamh
/fūəd′r′ə/
Ainm-Bhriathar; Ainmfhocal
seachrán; fán, mearúl, ciméar; dul amú, ar strae (le "ar" go hiondúil, ach scaití le "ag" ).
+
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidre(amh) an deis atá air = shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe indiaidh a chinn roimhe ón mbaile
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (3) ▼
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a phiorfhiachaí dhó (dhe)
Sílim gur asal leatsa a chonnaic mé ag fuaidreamh síos annsin ó mhaidin
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
+
Cé leis an t-asal fuaidreamh sin atá ar fud an bhaile ó mhaidin = asal a bheadh ar fuaidreamh nó ar strae
Is geall le caora sheachráin nó le réithe fuaidreamh é. Tá sé de gheis air gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon-leabaidh, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca tú aon-bheitheach fuaidreamh timpeall san ruta seo le dhá lá? Dheamhan a fhios agam ó Neamh na Néal, cá dtug siad a n-aghaidh