fuaidreamh
—/fūəd′r′ə/
—ainm briathartha; ainmfhocal
—
seachrán; fán, mearbhall, ciméar; dul amú, ar strae (le ar go hiondúil, ach scaití le ag).
+–
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (3) ▼
Sin anam bocht eicínt a bhí ar fuaidreamh ar fud an tsaoil ag cur a pheiriachaí dhó (dhe)
Sílim gur asal leatsa a chonaic mé ag fuaidreamh síos ansin ó mhaidin
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
+–
Cé leis an t-asal fuaidrimh sin atá ar fud an bhaile ó mhaidin — asal a bheadh ar fuaidreamh nó ar strae
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca tú aon bheathach fuaidrimh timpeall sa ruta seo le dhá lá? Dheamhan a fhios agam ó neamh na néal, cá dtug siad a n-aghaidh
fuaidreamh in iontrálacha eile (1)
→
failligh
D'fhailligh mé an t-aifreann inniu — nár ba lúide an trócaire ar Dhia é! — i ngeall ar áibhirseoir d'asal a bhí ar fuaidreamh. Diomú Dé agus na Maighdine Muire dhó