Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuarchúiseach
Aidiacht.
+
Is fuarchúiseach an áit é an S. ag duine nach bhfuil aon-airgead aige = ní chuirtear aon-fháilte roimhe ann, ná ní bhíonn aon-spleódar ag lucht na háite sin as
Is fuarchúiseach an áit é seo ag pócaí falamha, arsa tusa. Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile ghéar, adeir siad.
TUILLEADH (1) ▼
Siúl abhaile! Ní áit buaile ná sean-bhaile dhuinn é seo, feasta. Is fuarchúiseach an áit é ag an té nach bhfuil aon-tsuim aige i ndamhsa, rud nach bhfuil agamsa anocht
+
Is fuarchúiseach an duine é sin faoin a chuid oibre = neamh-spleódrach; neamh-fhonnmhar
Déarfainn gur sách fuarchúiseach a chuaigh sé 'na' chladaigh inniu. 'Chuile cheird aige sin ach a chur ag feamnadh
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an puicéara de shagart. Is fuarchúiseach a bhreathnaigh sé orm nuair a thairg mé cróin dó