Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-leac
Ainmfhocal: Buineann
1.
leacrachaí nó clocha a bhíos faoin bhfarraige ar an stupóig nó scaití ar an nglan freisin, agus gan feamainn ná slata mara ná aon-cheo mar sin orra; deirtear freisin é leis an áit nach mbíonn ach corr-leac anonn agus anall.
+
Níor thug muid an bord linn amach ach cho fada lena fuar-leachrachaí. D'fhill muid ar ar n-ais aríst. Ba choiphe linn a bhí an fharraige
Céard a bhéarfadh carraigín ar an leic sin. Diabhal é ach an oiread agus atá ar phlait Mháirtín Ch. Is fuar-leic í
TUILLEADH (2) ▼
Tá go leór fuar-leacrachaí annsin amach idir an salach agus an glan agus níl fúinín feamainne orra. 'Ar ndó' i mbéal an chladaigh se'againne a chasfaí iad!
Tá fuar-leacrachaí annsiúd ar an scóthach amach ó mháithreachaí na coirrlí agus tá siad cho lom le croí do bhoise. Tá mé ag ceapadh nach lonnaíonn an breac fhéin in a dtimpeall
2.
·
Tá fuar-leac anonn agus anall ann = corr-leac (b'fhéidir go n-abraíthear mar seo de bharr nach mbíonn na fuar-leacrachaí an-tréan nó b'fhéidir gur "fó-leac" ó cheart an chiall dheireadh seo. Tá fó- imithe as an gcaint nó indáil leis).

Féach freisin