Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
forleac, fuarleac
ainmfhocal, baineann
1.
leacrachaí nó clocha a bhíos faoin bhfarraige ar an stopóig, nó scaití ar an nglan freisin, agus gan feamainn ná slata mara ná aon cheo mar sin orthu; deirtear freisin é leis an áit nach mbíonn ach corrleac anonn is anall.
+
Níor thug muid an bord linn amach ach chomh fada le na fuarleacrachaí. D'fhill muid ar ár n-ais aríst. Ba choipthe linn a bhí an fharraige
Céard a bhéarfadh carraigín ar an leic sin. Diabhal é ach an oiread is atá ar phlait Mháirtín Ch. Is fuarleic í
TUILLEADH (2) ▼
Tá go leor fuarleacrachaí ansin amach idir an salach agus an glan agus níl foithnín feamainne orthu. Ar ndóigh i mbéal an chladaigh s'againne a chasfaí iad!
Tá fuarleacrachaí ansiúd ar an scothach amach ó mháithreachaí na coirlí agus tá siad chomh lom le croí do bhoise. Tá mé ag ceapadh nach lonnaíonn an breac fhéin ina dtimpeall
2.
·
Tá fuarleac anonn is anall ann — corrleac. B'fhéidir go n-abraítear mar seo de bharr nach mbíonn na fuarleacrachaí an-tréan nó b'fhéidir gur fó-leac ó cheart an chiall dheiridh seo. Tá fó- imithe as an gcaint nó i ndáil leis.

Féach freisin