Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-nimhe (fuar-nimhe)
Ainmfhocal: fireann
máirléir nó seacadh a dhéanfadh do lámha, do chosa nó ball ar bith dhíot leis an bhfuacht. Teagann sé go minic sna méarachaí.
+
Tá fuar-nimhe in mo mhéarachaí. Dhá bhfáinn Éire bronnta orm, ní dhéanfainn crúibíní (cuit) anois
Níor mhór dhuit lámhainní a chur ort. Déanfaidh do lámha fuar-nimhe ar an "mbicycle"
TUILLEADH (6) ▼
Chaith sé an oíche sínte ar an mbóthar. Rinne méarachaí a chosa fuar-nimhe, agus d'fhan siad go dona go ceann fada. Dheamhan mogall a bhí ar a lámha
Is aisteach an áit le fuar-nimhe a theacht ar dhuine é, ach dar Dia sén áit a bhfuil sé ormsa anois isteach i m'imleacán. Tá an scéal maith go leór, mara smeara sé suas in mo chroí
Ní in mo lámha amháin atá fuar-nimhe. Dheamhan orlach bacaird in mo chorp nach bhfuil sé
Seo í aimsir an fhuar-nimhe. Tá mé seacáilte i gcaitheamh an lae
Chuirfeadh an ghaoth sin fuar-nimhe san éan aille. A dhiabhail tá sí an-tollta
B'éigin dóibh an lá a chaitheamh dhá chuimilt. Bhí sé strumpha ó ladhaircín a choise go dtí uain a chinn. Ba bheag an dochar dhó fuar-nimhe fhéin a bheith ann agus é caite ar an mbóthar i gcaitheamh na hoíche, agus sioc ann a ghabhfadh thrí chlár daraí. I bplaic a thóna, adeir siad, an chéad-áit ar airigh siad teas aríst