Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuarnimhe
ainmfhocal, fireann
máirléir nó seacadh a dhéanfadh do lámha, do chosa nó ball ar bith dhíot leis an bhfuacht. Teagann sé go minic sna méarachaí.
+
Tá fuarnimhe in mo mhéarachaí. Dhá bhfaighinn Éire bronnta orm, ní dhéanfainn crúibíní (cait) anois
Níor mhór dhuit lámhainní a chur ort. Déanfaidh do lámha fuarnimhe ar an mbicycle
TUILLEADH (6) ▼
Chaith sé an oíche sínte ar an mbóthar. Rinne méarachaí a chosa fuarnimhe agus d'fhan siad go dona go ceann fada. Dheamhan mogall a bhí ar a lámha
Is aisteach an áit le fuarnimhe a theacht ar dhuine é, ach dar Dia 'sé an áit a bhfuil sé ormsa anois isteach i m'imleacán. Tá an scéal maith go leor mura smeara sé suas in mo chroí
Ní in mo lámha amháin atá fuarnimhe. Dheamhan orlach bacairt in mo chorp nach bhfuil sé
Seo í aimsir an fhuarnimhe. Tá mé seacáilte i gcaitheamh an lae
Chuirfeadh an ghaoth sin fuarnimhe san éan aille. A dhiabhail tá sí an-tollta
B'éigean dóibh an lá a chaitheamh dhá chuimilt. Bhí sé strumptha ó laidhricín a choise go dtí uain a chinn. Ba bheag an dochar dhó fuarnimhe fhéin a bheith ann agus é caite ar an mbóthar i gcaitheamh na hoíche, agus sioc ann a ghabhfadh thrí chlár daraí. I bplaic a thóna, adeir siad, an chéad áit ar airigh siad teas aríst

fuarnimhe in iontrálacha eile (3)

 
fuacht
Tá fuarnimhe orm leis an bhfuacht
 
Cé leis an ghiocín beag a raibh fuarnimhe ina lámha … B'fhurasta a aithinte. Ba fuar an éadáil é a athair féin chuile lá ariamh. An uair a mbíodh muid ag déanamh claíochaí fadó, ní thagadh iamh air ar feadh an lae, ach ag cur séideogaí faoi na bosa
 
díle 1
Tá díle sneachta air. Ba diabhlaí an ghoimh a bhí sa ngaoith inniu. Ag éirí de dhroim sneachta a bhí sí. Bhí fuarnimhe in mo lámha i gcaitheamh an lae, théis go raibh mé ag rúpáil oibre