Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
for-sceird
Ainmfhocal
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán árd san bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánnach.
+
Fuar-sceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan fascadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabhail léithi ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír déarfainn nach bhfuightheá aon-ghiodán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thugadh N. Th. go ndéanadh Dia grásta air uirri: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
Is olc an áit í an fhuar-scéird siúd thíos inniu ag duine dona. Dhá dtapaíodh sib ur ngnatha ar an rabharta deireadh, bheadh fuílleach feamainne agaibh, thara's a bheith ag screamhaireacht ar na clocha siúd inniu, agus nach mbeidh gabhail ascaille dhá mbárr thar éis ar n-anró
TUILLEADH (2) ▼
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuar-sceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh san smut ort chuile lá san mbliain. Muise narbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad-lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart aca air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce aca
Ar fhuar-sceird atá an teach aige, agus tá fuagairt na gaoithe ceart ann. Nach diabhlaí nach síos san ngleann ar an bhfascadh a rinne siad é

Féach freisin