fuarsceird, forsceird
—ainmfhocal
—
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán ard sa bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánach.
+–
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
Is olc an áit í an fhuarsceird siúd thíos inniu ag duine dona. Dhá dtapaíodh sibh bhur ngnaithe ar an rabharta deiridh, bheadh fuílleach feamainne agaibh, thar is a bheith ag screamhaireacht ar na clocha siúd inniu, agus nach mbeidh gabháil ascaille dhá mbarr thar éis ár n-anró
TUILLEADH (2) ▼
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe aníos den fhuarsceird sin ar chuma ar bith agus gan sáile a bheith dhá bhualadh sa smut ort chuile lá sa mbliain. Muise nárbh aibéiseach an fear a chuimhnigh ar theach a dhéanamh ann an chéad lá ariamh. Ach diabhal a raibh de neart acu air chreidim san am sin. Bhí an saol go dona, agus dhéanfaidís bráicín in áit ar bith ba túisce acu
Ar fhuarsceird atá an teach aige agus tá fuagairt na gaoithe ceart ann. Nach diabhlaí nach síos sa ngleann ar an bhfoscadh a rinne siad é