Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-sceirdeach
Aidiacht
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán árd san bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánnach.
+
Níl gnatha ar bith agaibh a dhul ar an mullán sin. Tá sí fuar-sceirdeach. Níl dosán feamainne uirri
Tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé inrásta ag duine ar bith comhnaí ar na cnoic fhuar-sceirdeacha sin. Nach shin iad a mullaigh istigh san aer. Diabhal tada a bhíos orra sin ach gabhair
TUILLEADH (2) ▼
Is fuar-sceirdeach an áit é an portach ar an gcreatalach seo. Dhá mbeitheá thuas ar an easca siúd inniu, bheárrfadh an ghaoth seo thú ann. Tá mé crapha as, míle buíochas le Dia
Baile an-fhuar-sceirdeach é seo. Ní fiú do sheacht mallacht a bhfuil de thalamh ann. Dhá mbeadh a bhfuil de thalamh réidh istigh ar a fhuaid ag aonduine amháin ghabhfadh sé sách rite leis a dhíol talamh cuir a fháil ann in a dhiaidh sin. Cén bhrí ach deich dteallaigh faoi mar atá sé?

Féach freisin