Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuarsceirdeach, forsceirdeach
aidiacht
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán ard sa bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánach.
+
Níl gnaithe ar bith agaibh a dhul ar an mullán sin. Tá sí fuarsceirdeach. Níl dosán feamainne uirthi
Tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé inrásta ag duine ar bith cónaí ar na cnoic fhuarsceirdeacha sin. Nach in iad a mullaigh istigh san aer. Diabhal tada a bhíos orthu sin ach gabhair
TUILLEADH (2) ▼
Is fuarsceirdeach an áit é an portach ar an gcreatlach seo. Dhá mbeifeá thuas ar an easca siúd inniu, bhearrfadh an ghaoth seo thú ann. Tá mé craptha as, míle buíochas le Dia
Baile an-fhuarsceirdeach é seo. Ní fiú do sheacht mallacht a bhfuil de thalamh ann. Dhá mbeadh a bhfuil de thalamh réidh istigh ar a fhuaid ag aon duine amháin, ghabhfadh sé sách rite leis a dhíol talamh cuir a fháil ann ina dhiaidh sin. Cén bhrí ach deich dteallaigh faoi mar atá sé?

Féach freisin