Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
For-sceirdiúil: For-scéirdiúil
Aidiacht
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán árd san bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánnach.
+
Tá an cladach sin thíos for-scéirdiúil = cladach lom rite é, gan aon-fheamainn air
Tá barr an bhaile seo fuar-sceirdiúil. Níl ann ach talamh garbh agus clochair
TUILLEADH (2) ▼
Nach caillte an áit ar phós sí isteach ann: tamhnach fhuar-scéirdiúil annsin thuas i lár an tsléibhe! Cén bhrí ach an spré a fuair sí sin!
Ní fhásfadh an crann fhéin ann. Binn shléibhe é, agus tá mé ag ceapadh nach bhfuil aon-áit eile in Éirinn is fuar-sceirdiúla ná é. Tá sé i lár na riteacht' críochnaithe

Féach freisin