fuarsceirdiúil, forsceirdiúil
—aidiacht
—
áit ar aghaidh na riteachta mar a bheadh binn shléibhe ann, nó oileán ard sa bhfarraige; áit ar bith atá binntséidiúil, lom nó go dona nó aistreánach.
+–
Tá an cladach sin thíos forsceirdiúil — cladach lom rite é, gan aon fheamainn air
Tá barr an bhaile seo fuarsceirdiúil. Níl ann ach talamh garbh agus clochair
TUILLEADH (2) ▼
Nach caillte an áit ar phós sí isteach ann: tamhnach fhuarsceirdiúil ansin thuas i lár an tsléibhe! Cén bhrí ach an spré a fuair sí sin!
Ní fhásfadh an crann fhéin ann. Binn shléibhe é, agus tá mé ag ceapadh nach bhfuil aon áit eile in Éirinn is fuarsceirdiúla ná é. Tá sé i lár na riteachta críochnaithe