Fudarnéis
—Ainmfhocal: Buineann
—Focal Achréidh
—
cíor-thuaifeall; fiola; ballséire, ballodhair; áit, rud, duine a chur thrín a chéile nó a fhágáil tromach tramach.
a.
+–
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
Marach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudarnéis seo san teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcomhnaí
TUILLEADH (3) ▼
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
Tá fudarnéis ar fud an bhaile seo ó tionnscluíodh an pósadh céanna. Má siad na putaigh fhéin iad, níl siad leath-shásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór aca.
Tá fudarnéis déanta aca de na daoine len a gcuid páipéir. Cén ghnotha atá ugainne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad cho géar sin uatha, breá nach dtagann fear uatha fhéin timpeall agus a líonadh?
b.
·
Tá fudarnéis orm. Níl a fhios agam céard atá mé a dhéanamh