Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fudairnéis
ainmfhocal, baineann
focal Achréidh
cíor thuaifeal; fiolla; ball séire, baileabhair; áit, rud, duine a chur thrína chéile nó a fhágáil tromach tramach.
a.
+
Dhein sé fudairnéis den áit lena sheanmhótar. D'éagóir Dé dhó nár fhága é san áit a raibh sé! Tá íospairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
Murach gur casadh isteach thusa chugainn ní bheadh an fhudairnéis seo sa teach. Don riabhach dhuit nach áit eicínt eile a thug ort fhéin. Tá an breathas ort i gcónaí
TUILLEADH (3) ▼
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
Tá fudairnéis ar fud an bhaile seo ó tionsclaíodh an pósadh céanna. Más iad na putaí fhéin iad, níl siad leathshásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór acu.
Tá fudairnéis déanta acu de na daoine lena gcuid páipéir. Cén ghnaithe atá againne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad chomh géar sin uathu, breá nach dtagann fear uathu fhéin timpeall agus a líonadh?
b.
·
Tá fudairnéis orm. Níl a fhios agam céard atá mé a dhéanamh