Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fudar Fadar
fireann
dhá fhocal a bhíos i gcuingir a chéile i gcomhnaí
thrín a chéile; cíor thuaifeall; praiseach, ciotaíl; súchán leite; mearúl; in a mess; confusion; tromach tramach.
+
Tá sé in a fhudar fadar ó dúirt tú é sin leis. Dheamhan a fhios aige in a luighe nó in a shuí atá sé, agus maidir le obair níl sé ach breathnú uirri. D'agródh Dia ort a bheith ag cumadóireacht do dhuine bhocht ar bith mar sin
Níl a fhios ag an bhfear céard atá sé a dhéanamh. An luaidreán sin a chuala sé faoin "dole", ghoill sé ar a intinn. Tá sé in a fhudar fadar
TUILLEADH (5) ▼
Seo, eirigh as! Níl tú indon é a dhéanamh. Tá sé in a fhudar fadar agad
Bhí an snáth in aimhréidh cheana ach dar fiagaí, is in a fhudar fadar atá sé anois ó chuir tusa do láimh ann. Seo! Tabh'ramsa é
An bhfaca tú M. B. ag caitheamh crainnte ar an bhfeamainn an lá sin? Ba iad na crainnte ba bharúla iad a chonnaic mise ariamh. Bhí siad in a bhfudar fadar ceart aige as a dheireadh
Chuaigh sé ag comhaireamh gaoil — ag innseacht cén gaol atá ag J. Mh. le M. N. — agus thosaigh muid fhéin ag séideadh faoi, agus ag rá gur mar seo agus mar siúd a bhí sé. Bhí an gaol in a fhudar fadar ar chaoi ar bith
Ná bac leis an saoghal anois. Saol fudar fadar é. Is deacair é a bharraíocht ar chaoi ar bith
+
Déanfaidh siad fudar fadar den duine bocht, má shuíonn siad in a bhun mar sin. Nuair nach mbéarfadh sé greim cinc muiníl ar bheirt nó ar thriúr aca, agus a ndruim a bhriseadh amuigh faoin tsráid!
Tá an roillig sin as compás ar fad. Níl a fhios ag aonduine cáil a dhuine fhéin curha inti anois. Tá mapa aige ach is mapa bréagach é. Tá sé sin ar nós an fhear fadó a chuaigh ag roinnt na talúna. Rinne sé fudar fadar dhó as a dheireadh.
TUILLEADH (3) ▼
Tá fudar fadar déanta agad den scéal. Ní mar sin a bhí sé chor ar bith. Nach breá nach n-innseóchthá ceart é, ó a chuaigh tú dhá innseacht chor ar bith.
Rinne sé fudar fadar críochnaithe den leitir a bhí sé a scríobhadh. Deir sé fhéin gurb é an gleó a chuir as a bhuille é, ach sílimse dheamhan leitir ar bith atá sé indon a scríobhadh, ach go leigean sé air fhéin go bhfuil
'Ar ndó' ní dhéanfadh sé fudar fadar den chruach, dhá mbeitheá-sa gan a leigean suas uirri beag ná mór

Fudar Fadar in iontrálacha eile (1)

 
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an "stage" dó. Bhí sé in a fhudar fadar. Tá sé ro-fhaiteach l'aghaidh na ceirde sin. Níorbh fhuláir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!