fudar fadar
—fireann
—dhá fhocal a bhíos i gcuingir a chéile i gcónaí
—
thrína chéile; cíor thuaifeal; praiseach, ciotaíl; súchán leite; mearbhall; in a mess; confusion; tromach tramach.
+–
Tá sé ina fhudar fadar ó dúirt tú é sin leis. Dheamhan a fhios aige ina luí nó ina shuí atá sé, agus maidir le obair, níl sé ach breathnú uirthi. D'agródh Dia ort a bheith ag cumadóireacht do dhuine bhocht ar bith mar sin
Níl a fhios ag an bhfear céard atá sé a dhéanamh. An luaidreán sin a chuala sé faoin dole, ghoill sé ar a intinn. Tá sé ina fhudar fadar
TUILLEADH (5) ▼
Seo, éirigh as! Níl tú in ann é a dhéanamh. Tá sé ina fhudar fadar agat
Bhí an snáth in aimhréidh cheana ach dar fiagaí, is ina fhudar fadar atá sé anois ó chuir tusa do láimh ann. Seo! Tabhair dhomsa é
An bhfaca tú M. B. ag caitheamh crainnte ar an bhfeamainn an lá sin? Ba iad na crainnte ba bharúla iad a chonaic mise ariamh. Bhí siad ina bhfudar fadar ceart aige as a dheireadh
Chuaigh sé ag comhaireamh gaoil — ag inseacht cén gaol atá ag J. Mh. le M. N. — agus thosaigh muid fhéin ag séideadh faoi, agus ag rá gur mar seo agus mar siúd a bhí sé. Bhí an gaol ina fhudar fadar ar chaoi ar bith
Ná bac leis an saol anois. Saol fudar fadar é. Is deacair é a bharraíocht ar chaoi ar bith
+–
Déanfaidh siad fudar fadar den duine bocht má shuíonn siad ina bhun mar sin. Nuair nach mbéarfadh sé greim cinc muiníl ar bheirt nó ar thriúr acu agus a ndroim a bhriseadh amuigh faoin tsráid!
Tá an reilig sin as compás ar fad. Níl a fhios ag aon duine cá'il a dhuine fhéin curtha inti anois. Tá mapa aige ach is mapa bréagach é. Tá sé sin ar nós an fhear fadó a chuaigh ag roinnt na talúna. Rinne sé fudar fadar dhó as a dheireadh.
TUILLEADH (3) ▼
Tá fudar fadar déanta agat den scéal. Ní mar sin a bhí sé chor ar bith. Nach breá nach n-inseofá ceart é, ó chuaigh tú dhá inseacht chor ar bith.
Rinne sé fudar fadar críochnaithe den litir a bhí sé a scríobh. Deir sé fhéin gurb é an gleo a chuir as a bhuille é, ach sílimse dheamhan litir ar bith atá sé in ann a scríobh ach go ligeann sé air fhéin go bhfuil
Ar ndóigh ní dhéanfadh sé fudar fadar den chruach dhá mbeifeása gan a ligean suas uirthi beag ná mór
fudar fadar in iontrálacha eile (1)
→
faiteach
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!