Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuile Faile
Ainmfhocal, Fireann
an dá fhocal i gcuideachta i gcomhnaí
forú, driopás, falrach, anbhá, teas an aithinne; súnás, faitíos.
+
Bhí fuile faile ar fud an bhaile ar maidin inniu. Gasúir adúirt go raibh beitheach le M. Ó. F. i dtreascairt i scailp mhór na T., agus rith a raibh ann suas go dtugaidís as í. Dheamhan a raibh an bhó ann chor ar bith
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. 'Ar ndú' mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí muid ag "stillhouse" agus an iarraidh críochnuithe go díreach. Dúirt duine eicínt go mba chosúil le póilíos a bhí ag nochtadh aníos ar an gC. B. Bhí sé in a fhuile faile san stillhouse, ag rith leis an bhfuisce agus leis an oirnis agus le bairillí. Dheamhan a dhath a bhí ann ach beithigh leis an mbaile ó dheas
Ní fhaca tú aon-fhuile faile ariamh ó rugadh thú mar a bhí faoi mhuinntir an tí seo thíos aréir. Chuaigh P. soir, agus dúirt sé léithe seo thíos go dtiocfadh sé ar cuairt ar a theacht anoir dó. Bhí gasúir amuigh ag iarraidh bainne, agus tae siúicre ar an toirt, agus díocas uirre fhéin ag fuint aráin. Go deimhin dhá dteagadh, bheadh óstachas faoin a chomhair. Ach baol air sin a theacht. Níor chuimhnigh sé amháin air
Ar a theacht anoir dhó ón mbéiréiste, chinn air a bhullán fhéin a fheiceál, agus tháinig sé in a fhuile faile air ar an bpuinnte, agus soir leis ar feadh an aonaigh aríst ag ceapadh gur goidhe nó imithe a bhí sé. 'Ar ndú' bhí an bullán as comhair a dhá shúil dhá mba léar dó é. Níor léar, mar bhí na beithigh úmuithe beagán ó a chuaigh sé soir roimhe sin

Fuile Faile in iontrálacha eile (2)

 
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
 
fidín
Nach ndéanfadh chuile fhear balla fidín? Céard atá ort ach riar clocha teangmháilte a fháil l'aghaidh máithreachaí? Diabhal aithne oraibh nach ag dul ag déanamh caisleáin atá sibh! B'fhearr dhaoib a dhul ag tóraíocht an Ghobán Saor go dtuga sé déanamh Chaisleán Bhaile an Chláir air! Is oraibh atá an fuile faile ingeall ar an sean-chlaidhe sin, agus go mbeadh sé déanta ag fear ar céallacan!