Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuile faile
ainmfhocal, fireann
an dá fhocal i gcuideachta i gcónaí
furú, driopás, falrach, anbhá, teas an aithinne; súnás, faitíos.
+
Bhí fuile faile ar fud an bhaile ar maidin inniu. Gasúir adúirt go raibh beathach le M. Ó F. i dtreascairt i scailp mhór na T. agus rith a raibh ann suas go dtugaidís as í. Dheamhan a raibh an bhó ann chor ar bith
Dar príosta bhí fuile faile faoi in ucht am dinnéir inniu: ag dul ag cur isteach coirce de dhá léim. Dúirt sé go ndéanadh sé an-lá. Ar ndóigh mo chreach mhaidne, ní raibh ann ach an scalán sin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí muid ag stillhouse agus an iarraidh críochnaithe go díreach. Dúirt duine eicínt go mba chosúil le póilíos a bhí ag nochtadh aníos ar an gC. B. Bhí sé ina fhuile faile sa stillhouse ag rith leis an bhfuisce agus leis an oirnis agus le bairillí. Dheamhan a dhath a bhí ann ach beithígh leis an mbaile ó dheas
Ní fhaca tú aon fhuile faile ariamh ó rugadh thú mar a bhí faoi mhuintir an tí seo thíos aréir. Chuaigh P. soir agus dúirt sé léithe seo thíos go dtiocfadh sé ar cuairt ar a theacht anoir dó. Bhí gasúir amuigh ag iarraidh bainne agus tae siúcra ar an toirt, agus díocas uirthi fhéin ag fuint aráin. Go deimhin dhá dteagadh, bheadh óstachas faoina chomhair. Ach baol air sin a theacht. Níor chuimhnigh sé amháin air
Ar a theacht anoir dhó ón mbéiréiste, chinn air a bhullán fhéin a fheiceáil agus tháinig sé ina fhuile faile air ar an bpointe, agus soir leis ar feadh an aonaigh aríst ag ceapadh gur goidte nó imithe a bhí sé. Ar ndóigh bhí an bullán os comhair a dhá shúil dhá mba léir dó é. Níor léir, mar bhí na beithígh úmaithe beagán ó chuaigh sé soir roimhe sin

fuile faile in iontrálacha eile (2)

 
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuaigh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid anseo féin. Bhíodh fuile faile fúthu ag imeacht faitíos go n-eireodh tada dhá gcuid airgid
 
fidín
Nach ndéanfadh chuile fhear balla fidín? Céard atá ort ach riar clocha teangmháilte a fháil le aghaidh máithreachaí? Diabhal aithne oraibh nach ag dul ag déanamh caisleáin atá sibh! B'fhearr dhaoibh a dhul ag tóraíocht an Ghobán Saor go dtuga sé déanamh Chaisleán Bhaile an Chláir air! Is oraibh atá an fuile faile i ngeall ar an seanchlaí sin, agus go mbeadh sé déanta ag fear ar céalacan!