Foirsigh
—Briathar
1.
saothar áirid leis an talamh: harrow.
+–
D'fhoirsigh sé len a chapall agus a chliath é
Foirseóidh mé an gort sin amáireach le cúnamh Dé
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé foirsithe fós aige
+–
Dheamhan mórán treabhadh ná foirseadh a rinne mé imbliana, ná a raibh sé d'éitir ionam. Is furasta cur chugam anois = ní dheárna mé mórán obair Earraigh (deirtear "treabhadh agus foirseadh" go tréan go fiú agus i gceanntair nachar facthas cliath ná céachta ariamh ionta)
Dar príosta tá an t-Earrach ar fáil. Is gearr go dtosuighe treabhadh agus foirseadh
TUILLEADH (3) ▼
Tá an treabhadh agus an foirseadh déanta agad, bail ó Dhia ort = tá an t-Earrach déanta agad
Tá faitíos orm go ndéanfar treabhadh agus foirseadh feasta ar mo shonsa
'Ar ndú' is fear maith é ag treabhadh agus ag foirseadh = fear maith oibre; fear maith tí.
+–
Níl caraos ar bith air seo thíos foirseadh báistí a dhéanamh. Beidh a fhios aige é amach annseo nuair nach mbeidh gas de bhláth bliana aige
Eirigheamuid as. Tá sé in a bhrád. Ní maith é an foirseadh báistí
TUILLEADH (1) ▼
"Treabhadh seaca agus foirseadh báistí: dhá rud nar moladh ariamh (an dá obair is measa amuigh)"
+–
"Nuair a stopas an síol stopann an foirseadh" = nuair a bhíos deireadh an airgid caite, caithfear eirí as an ól, nó as an aeríl, nó as an obair agus rl.
Ní theagann an saor cló (cloch) chuige chor ar bith anois. Dheamhan sciúrtóg a bhí aige len a íoc. Nuair a stopas an síol, stopann an foirseadh. Sin é a dhálta aigesan é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé eirithe as na damhsaí. Is beag an dochar dhó sin. Dar príosta tá sé ag dul in aois, agus an croí ag imeacht uaidh. 'Ar ndú' nuair a stopas an síol stopann an foirseadh
2.
caraíocht, dréim le, cruachan in aghaidh.
+–
Ag foirseadh liom. Cén bláth ort fhéin? = "ag treabhadh liom", "ag breacadh liom" mar fhreagra ar "cén chaoi bhfuil tú", nó "cén bláth atá ort etc. Is freagra coitianta mar sin é
Ag foirseadh leis i gcomhnaí. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhá chaitheamh
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan údar clamhsáin agam, slán an té a fhiafraíos. Ag foirseadh liom mar a fheiceas tú
Cén chaoi a mbeinn, ach ag foirseadh liom. Ag baint lá as
Bím ag iarraidh a bheith ag fuirseadh oibre agus gan mé indon. Ach cén neart atá air, nuair atá mé ar thaobh tí liom fhéin
+–
Dhá bhféadainn foirseadh liom (foirseadh a dhéanamh) go ceann tamaill mar seo, ní aireóinn go mbeadh ná gasúir ionchúntach. Ach faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás = strapadóireacht, strive on, hold on
Dhá mbeidís indon foirseadh leó go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, marach go ndeárnadh plaicín gabhair dhó
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhféadthá foirseadh a dhéanamh go ceann scathamh eile, gan aon-chúnamh, nach mbeadh Cáit sa mbaile agad san samhradh?
+–
Muise dheamhan bráigíll ar Sheán bhocht, ach mar a chonnaic tú ariamh é. Ach dheamhan an miste leis. Tá sé ag foirseadh an tsaoil 'ar ndú', agus céard atá an té is fhearr a dhéanamh ach sin = ag cruachan in aghaidh na hanachain; ag caraíocht leis an saol.
Diabhal mé an duine bocht gur hait é agus an chaoi a bhfuil sé ag foirseadh an tsaoil, agus lán tí de mhuirín air
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn sé ag foirseadh oibre dólúm = ag obair leis
Ní raibh an ceann céanna ariamh ach ag foirseadh an ghanntainn agus an ocrais = ag scríobadh leis an nganntann nó leis an amhgar
Droch-rath an diabhail air le floscaí a bheith aige! Ní fhaca muide ariamh é ach ag foirseadh an ocrais
+–
Tá sé, mar is minice leis ag foirseadh na déirce = igcruth na déirce; níl tada ann ach nach bhfuil sé ag iarraidh na déirce
Go deimhin níl sé fhéin ná aon-fhear istigh ar a bhaile ach ag foirseadh na déirce. Baile bradach na scrathachaí!
TUILLEADH (2) ▼
Ceó ar bith anois ach nach bhfuil na daoine ag foirseadh na déirce. Maidir le go bhfuil caitheamh agus fáil aca níl. Ach chonnaic mé saol níos measa ná é!
B'fhearr do dhuine a bheith ag foirseadh na déirce, ná ag iarraidh ceart a bhaint de shean-lánúin mar sin