fuirsigh
—briathar
1.
saothar áirid leis an talamh; harrow.
+–
D'fhuirsigh sé lena chapall agus a chliath é
Fuirseoidh mé an gort sin amárach le cúnamh Dé
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé fuirsithe fós aige
+–
Dheamhan mórán treabhadh ná fuirseadh a rinne mé i mbliana ná a raibh sé d'éitir ionam. Is furasta cur chugam anois — ní dhearna mé mórán obair earraigh. Deirtear "treabhadh agus fuirseadh" go tréan go fiú is i gceantair nár facthas cliath ná céachta ariamh iontu
Dar príosta tá an t-earrach ar fáil. Is gearr go dtosaí treabhadh agus fuirseadh
TUILLEADH (3) ▼
Tá an treabhadh agus an fuirseadh déanta agat, bail ó Dhia ort — tá an t-earrach déanta agat
Tá faitíos orm go ndéanfar treabhadh agus fuirseadh feasta ar mo shonsa
Ar ndóigh is fear maith é ag treabhadh agus ag fuirseadh — fear maith oibre; fear maith tí.
+–
Níl carghas ar bith air seo thíos fuirseadh báistí a dhéanamh. Beidh a fhios aige é amach anseo nuair nach mbeidh gas de bhláth bliana aige
Éirímid as. Tá sé ina bhrád. Ní maith é an fuirseadh báistí
TUILLEADH (1) ▼
"Treabhadh seaca agus fuirseadh báistí: dhá rud nár moladh ariamh" (an dá obair is measa amuigh)
+–
"Nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh" — nuair a bhíos deireadh an airgid caite, caithfear éirí as an ól, nó as an aeraíl, nó as an obair srl.
Ní theagann an saor cló (cloch) chuige chor ar bith anois. Dheamhan sciúrtóg a bhí aige lena íoc. Nuair a stopas an síol, stopann an fuirseadh. Sin é a dhálta aigesean é
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé éirithe as na damhsaí. Is beag an dochar dhó sin. Dar príosta tá sé ag dul in aois agus an croí ag imeacht uaidh. Ar ndóigh nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh
2.
coraíocht, dréim le, cruachan in aghaidh.
+–
Ag fuirseadh liom. Cén bláth ort fhéin? — "ag treabhadh liom", "ag breacadh liom" mar fhreagra ar "cén chaoi bhfuil tú", nó "cén bláth atá ort srl. Is freagra coitianta mar sin é
Ag fuirseadh leis i gcónaí. Ag caitheamh an tsaoil agus an saol dhá chaitheamh
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan údar clamhsáin agam, slán an té a fhiafraíos. Ag fuirseadh liom mar a fheiceas tú
Cén chaoi a mbeinn ach ag fuirseadh liom. Ag baint lá as
Bím ag iarraidh a bheith ag fuirseadh oibre agus gan mé in ann. Ach cén neart atá air nuair atá mé ar thaobh tí liom fhéin
+–
Dhá bhféadainn fuirseadh liom (fuirseadh a dhéanamh) go ceann tamaill mar seo, ní aireoinn go mbeadh ná gasúir inchúntach. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — strapadóireacht, strive on, hold on
Dhá mbeidís in ann fuirseadh leo go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, murach go ndearnadh plaicín gabhair dhó
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhféadthá fuirseadh a dhéanamh go ceann scaithimh eile, gan aon chúnamh, nach mbeadh Cáit sa mbaile agat sa samhradh?
+–
Muise dheamhan brá gill ar Sheán bhocht ach mar a chonaic tú ariamh é. Ach dheamhan an miste leis. Tá sé ag fuirseadh an tsaoil ar ndóigh, agus céard atá an té is fhearr a dhéanamh ach sin — ag cruachan in aghaidh na hanachain; ag coraíocht leis an saol.
Diabhal mé an duine bocht, gur hait é agus an chaoi a bhfuil sé ag fuirseadh an tsaoil agus lán tí de mhuirín air
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn sé ag fuirseadh oibre dólúm — ag obair leis
Ní raibh an ceann céanna ariamh ach ag fuirseadh an ghanntain agus an ocrais — ag scríobadh leis an nganntan nó leis an amhgar
Drochrath an diabhail air le floscaí a bheith aige! Ní fhaca muide ariamh é ach ag fuirseadh an ocrais
+–
Tá sé, mar is minice leis, ag fuirseadh na déirce — i gcruth na déirce; níl tada ann ach nach bhfuil sé ag iarraidh na déirce
Go deimhin níl sé fhéin ná aon fhear istigh ar a bhaile ach ag fuirseadh na déirce. Baile bradach na scraitheachaí!
TUILLEADH (2) ▼
Ceo ar bith anois ach nach bhfuil na daoine ag fuirseadh na déirce. Maidir le go bhfuil caitheamh agus fáil acu, níl. Ach chonaic mé saol níos measa ná é!
B'fhearr do dhuine a bheith ag fuirseadh na déirce ná ag iarraidh ceart a bhaint de sheanlánúin mar sin
fuirsigh in iontrálacha eile (7)
→
foirm
Tá fuirseadh mór cainte aige ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mura mbeadh a fhios agat cé hé fhéin
→
aer
Chaith sé seal fada ar aer an tsaoil ach deir siad nuair a stopas an síol go stopa an fuirseadh — nuair a bhíonns an t-airgead ídithe, caithfear cúl a thabhairt don éirí amach agus don drabhlás
Tá fuirseadh mór cainte aige — tá sé in ann go leor cainte a chur i dtoll a chéile, nó i ndiaidh a chéile; is duine rianúil é; is comhráiteach maith é, agus fairnéis agus údar aige faoina lán rudaí
→
deachma
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talúna. Ab iad siúd. Cén diabhal somhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. Ar ndóigh ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithíoch iontu, is gearr gur basctha a bheas sé. Mura bhfaighe tú tréad gabhair agus cead scoir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith sa gcúirt chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá agat a dhéanamh leo: tabhair don deachma iad
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na Gaillimhe a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
→
dustaí
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sách mór aige le déanamh. Féastaí agus éirí amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar rothaí an tsaoil an fhad is a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pínn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. Nuair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
→
díol 1
Dhíol sé an déirce, ach m'anam má dhíol, nach i ngan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach ansin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin chomh maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid allais leis. Bhí sé amuigh moch is deireanach ag obair agus ag luain, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé seanfhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an am freisin