Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuilinn: Fulainn:
Briathar; Ainm Bhriathar
Níl g ionta: nn dúbalta caol. l caol agus l leathan. Déarfainn gur coitiannta an l chaol ná leathan san mBriathar Coimsí, ach bíonn an dá rud ann, agus go háirid san Ainm Bhriathar .i. ag fuilint, ag fulaint. Fulannach an t-Aidiacht: ní bhíonn sé caol [(fc. fulannach)]. Nuair is ainmfhocal é agus réamhfhocal roimhe (.i. thar a fhulainn), leathan ar fad beagnach a bhíos an l go háirid mara bhfuil pian, lot nó tinneas i gceist. Ach deirtear "thar a fhuilint" le pian. B'fhearr "o" ná "u" san leitriú arae ní fuaim u atá ann: folainn, foilint mar "bog"
1.
glacadh le pian, tinneas nó crádh colainne; tinneas pian nó crádh colainne a bheith ar dhuine nó ar bheitheach.
+
"Nach íontach mara d'fhuilinn Tú nuair a d'fhuilinn Tú an Pháis" (As dán faoi Páis Chríost)
"A Oisín", adeir Pádraig, "an té a fhuilinneós tart agus ocras de ghrádh dílis Dé; Deantar gan a shláinte é(?), agus dhá bhrín sin, tara uait go loch dearg liom féin" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (9) ▼
D'fhuilinn mé mo cheart leis an gcois sin le mí
Is mór atá fuilinnthe (/fol′iɴī/: nó fuilinnte) aige cheana, agus fuilinneóidh sé tuilleadh shul a mbeidh aon-bhiseach rathúil aige
D'fhuilinn sé an bás an duine bocht = shaothruigh sé (cheannuigh sé) an bás; bhí an-phianta air
Is mór atá fuilinnthe agam leis an fhad seo achair, agus sé a chosúlacht nach bhfuil mé ach in a thús
Fuilinníonn sé cuid mhaith ag (leis, ó) an bplúchadh sin. Sé a thiúrfas bás dó faoi dheireadh
Dhá bhfuilinneochthá an oiread le t'athair! Agus gan a dhath fuasaoide aige in a dheidh sin
Cor faoi iongan a bhí orm. M'anam gur fhuilinn mé pian léithe
Tá mise ag fuilint (fulaint) ar an aimsir seo le doigheachaí (cois thinn agus rl.)
Tá fiacal agam atá farcha ar fad, agus níl a fhios céard atá fulainnthe agam aice le coicís.
·
Níl a fhios cén tart a d'fhuilinn mé, agus gan tada agam len a choisceadh
D'fhuilinn mé ocras ar chaoi ar bith!
+
Bhí fuilint aice an créatúr: sínte annsin ar shlatrachaí a droma le bliain mhór fhada; agus gan í indon corraí, ach de réir mar d'ionntódh duine eile san leabaidh í. Is maith an mhalrait aice é (an bás). Tá Dia buíoch di
Is mór atá le fuilint ag duine, agus níl rud ar bith is mó a chuireas fuilint air ach droch-chlann
TUILLEADH (2) ▼
Cuir é sin léithe. Cuirfidh sé ó fhuilint thú ar chaoi ar bith = bainfidh sé an phian díot; tiúrfaidh sé fuarú ar an bpian duit
Níl tinneas ar bith is mó a bhfuil fuilint ann ná cancar = bíonn pian ghárha leis
2.
a.
acmhainn le pian, tinneas agus rl.
+
Tá fuilint agad ar chaoi ar bith = acmhainn glacadh le tinneas, le pian, le lear an tsaoil, le magadh etc. go foighdeach
Ba diabhaltach an fhuilint a bhí agad. Dhá mbeadh sé ag séideadh fúmsa mar sin, thiurfainn buille marfach dó
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an fhulaint atá aice. Mara dteagadh ach iasc beó in a cois, bheadh sí cho hanshóiteach, agus dhá mba ag saothrú báis a bheadh sí
Tá fuilint mhór ag an duine bocht. Cáid buailte síos anois é?
+
Níl mórán fuilint ar theas agad = níl tú indon mórán teas a sheasamh
Ní bheadh aon-ghnatha ag duine annsiúd mara mbeadh fuilint mhaith ar theas aige
TUILLEADH (7) ▼
Shílfeá go mbeadh fuilint agad ar fhuacht thairis sin
Níl fuilint ar bith agam le teinteachaí ó a tháinig an ghrís seo orm. Sén chaoi a mbíonn an teas ag borradh leis an tochas
Théis gurb é lár an tsamhraidh a bhí ann agus go raibh an uair breá bróllach, ní fhéadfaí a leath dhóthain clúdadh a thabhairt dó. 'Ar ndú' ba geimhreadh an áit seo le hais na réigiúin a d'fhága seisean
Ní fhuilinneóinn le cóta mór inniu. Tá an lá ro-mheirbh
Nach maith a fhéadas tú fulaint leis an méid sin éadach leabthan a bheith as do chíonn. Diabhal mé go bhfuil sé phluid ort
Ní teasaí maith thú muise, mara bhfuilinn(ighth)eá le láimh an cheitil sin. Is beag an teas atá innte sin chor ar bith
Dheamhan mórán le go bhfuilinneochthá leis an gceirín bheadh sé cho te sin = ní mórán le go mbeitheá indon seasamh leis
+
Ní fhuilinneódh sé leis an dochtúr ag lannsáil an chnap. Bhí na hollghártha aige ag caoineachán
Ní raibh mé indon fuilint leis ag baint an dealg as mo chois. Tháinig meirfean orm
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhuilinneóidh mé i bhfad eile leis an mbróig seo. Tá sí do mo thógáil
Níl aon-fhuilint agam leis an treabhsar seo. Tá sé ro-chumhang dom. Tá snaidhm ar mo phutógaí aige
Is diabhlaí a d'fhuilinn sé diallaid an "bhicycle" sin. Tá sí míle ro-íseall dhó
b.
rud a fhágáil san staid a bhfuil sé.
+
"D'fhulinneódh fuil fuil ingorta, ach ní fhulainneódh fuil fuil dhá dóirteadh" = ní bheadh aon-chás ag do dhuine muintreach fút dhá mbeadh ocras agus amhgar ort, ná ní thiocfaidís ag fóirint ort, agus thú ingéarchall ag caraíocht leis an saol; ach má bhíonn tú do do bhualadh idtroid, nó má bhíonn daoine eile do do mhaslú, tiocfaidh siad do chúnamh dhuit an uair sin
D'fhuilinneochthá mise in m'aonraic annseo? = d'fhágfá mise in m'aonraic; ní bheadh aon-chás ort faoi mise a bheith in m'aonraic
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfulainneódh t'athair i mbochtaineacht thú agus a bhfuil d'airgead aige
Ní fhuilinneóinn i ngéarchall é ar chaoi ar bith
c.
a dhul mar thaca faoi ualach nó leathtroma ualaigh.
+
Fuilinn an cliabh sin dom = dhá mbeadh srathair agus dhá chliabh ar chapall nó ar asal, agus go mbeadh ualach sna cléibh, agus dhá mbeadh duine ag baint na gcléibh den tsrathair, nó dhá gcur den talamh ar an tsrathair, ar an dhá luath agus a gcuirfeadh sé suas leathchliabh, nó a mbainfeadh sé anuas leathchliabh, chaithfeadh duine a dhul isteach faoin leathchliabh eile, agus é a choinneál suas, i riocht agus nach n-ionntódh sé féin agus an tsrathair. "Cliabh a fhuilint" a thugtar air sin
Fuilinn an cliabh seo dhom, nó go gcuire mé suas an leathchliabh eile
TUILLEADH (5) ▼
Bhí leathtroma sna cléibh ar an asal, agus d'iarr mé air an leathchliabh thoir a fhuilint nó go ndírínn an cliabh eile, agus sin a thomhais ort céard a rinne sé: reacht gáire a chuir as fhéin, agus imeacht leis
D'árduigh an bheirt againn gob na curaí, agus chuaigh mise fúithe, ach dhá mbeadh mo chailleadh den tsaol leis ní fhéadfainn a fuilint. D'fhuagair mé air go raibh mé ag dul dhá leigean anuas. Sin é an uair a bhrath sé na clocha — dhá dhaigéad mhóra — agus iad ceangailte ar na seasannaí. "M'anam nach iontas ar bith nach bhfuil tú indon a fuilint" adeir sé
Dhá mbeadh cléibh lóid againn ní theastódh duine ar bith le na hualaigh a fhuilint = cléibh a bhféadfá an tóin a scaoileadh ionta
B'fhearr dhuit cois na leabthan a fhuilint dom nó go sáithe mé isteach as a cloigeann í
Fuilinn an cliabh móna seo dhom nó go leaga mé dhíom é = duine a dhul taobh thiar san gcliabh an fhad agus a bheadh an té a mbeadh sé air ag baint a chloiginn as an iris, agus dhá leigean anuas
d.
éagóir.
+
Rinne sé thar a fhulaint é = ghortuigh sé é fhéin ag árdú ualaigh, cloiche ná a leithide; rinne sé éagóir air fhéin ag déanamh an iomarca oibre
Ná cuir thú fhéin thar t'fhulainn leis an mála sin. Sin é an chaoi ar bhris sé sin thiar, íochtar a bhrún; go sábhála Dia sinn! = mara n-eirighe leat an mála a árdú gan an iomarca stró, ná teirigh ro-dhian ort fhéin (is minic nach mbíonn t ar bith sa bhfocal mar ainmfhocal)
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé é fhéin thar a fhulainn ag tarraint bhara. Shníomh sé é fhéin ar fad
M'anam muise go bhfuair tú amach an ceann a chuireas é fhéin thar a fhulainn. Mise a bhí faoin mbara inné in éindigh leis. Dheamhan dhá mhéaróig uirre againn. Deir tú leis in a dheidh sin a chuireadh suas ar a cheathrú chuile uair í, le athghreim a bhreith. Sin é atá áirdeallach air fhéin!
Beart féir a bhí air, agus d'airigh sé an-mheáchan ann, agus diabhal mé go dtug sé go hiothlainn é in a dheidh sin. Ach chuir sé é féin thar a fhulainn leis. Ní dhearna sé aon bhuille ó shoin
Chuaigh sé thar a fhulainn leis an obair, agus tá a shéala air. Dheamhan ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile anois. Diabhal neart a bhí aige air. Bhí sé aonraic
Níl an capall indon an t-ualach sin a thabhairt in aghaidh Árdan Ch. Gh. agus níl aon-mhaith dhuit a dhul thar a fulainn léithe
M'anam scarthóir ar bith a bhí ag coinneál scarha ó bheirt shleádóirí, go raibh sé dhá chur fhéin thar a fhulainn. Níor dhíol truaighe ar bith a leithide dhá maruíodh sé é fhéin
+
Teigheann an ceann céanna i gcomhnaí thar fhulainn leis an magadh. Nuair is fhearr an sugradh sea is fhearr leigean dó, adeir siad = teigheann sé ró-fhada leis an magadh. Níor cheart dó a sheadú cho fada sin, mar cuireann sé olc ar dhaoine as a dheireadh
Ní spóirt ar bith a bhíos aige sin. Teigheann sé thar fhulainn léithe. Tá sé dhá thuaradh dhó fhéin muis. Is gearr go dtuga duine eicínt criogoide dhó.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mian leis gan a dhul thar fhulainn igcomhnaí leis an deaghchaint. Ach ní hé an oiread sin acmhainne atá aige fhéin. Dhá mbeadh; níor mhiste le duine beirhe é.

Féach freisin