Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fulaing
briathar, ainm briathartha
níl g ann: nn dúbalta caol. l caol agus l leathan. Déarfainn gur coitianta an l chaol ná leathan sa mbriathar cuimsí, ach bíonn an dá rud ann, agus go háirid san ainm briathartha .i. ag fuilint, ag fulaint. Fulangach an t-aidiacht: ní bhíonn sé caol (fc. fulangach). Nuair is ainmfhocal é agus réamhfhocal roimhe (.i. thar a fhulaing), leathan ar fad beagnach a bhíos an l go háirid mura bhfuil pian, lot nó tinneas i gceist. Ach deirtear thar a fhuilint le pian. B'fhearr ou sa litriú arae ní fuaim u atá ann: folainn, foilint mar bog
1.
glacadh le pian, tinneas nó crá colainne; tinneas pian nó crá colainne a bheith ar dhuine nó ar bheathach.
+
"Nach iontach mura d'fhulaing tú nuair a d'fhulaing tú an Pháis" (As dán faoi pháis Chríost)
"'A Oisín', adeir Pádraig, 'an té a fhulaingeos tart agus ocras de ghrá dílis Dé; Déantar gan a shláinte é(?), agus dhá bhrín sin, teara uait go loch dearg liom féin'" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
TUILLEADH (9) ▼
D'fhulaing mé mo cheart leis an gcois sin le mí
Is mór atá fulaingthe (/fol′iɴī/, nó fulaingte) aige cheana agus fulaingeoidh sé tuilleadh shula mbeidh aon bhiseach rathúil aige
D'fhulaing sé an bás an duine bocht — shaothraigh sé (cheannaigh sé) an bás; bhí an-phianta air
Is mór atá fulaingthe agam leis an fhad seo achair agus 'sé a chosúlacht nach bhfuil mé ach ina thús
Fulaingíonn sé cuid mhaith ag (leis, ó) an bplúchadh sin. 'Sé a thabharfas bás dó faoi dheireadh
Dhá bhfulaingeofá an oiread le t'athair! Agus gan a dhath fuasaoide aige ina dhiaidh sin
Gor faoi iongan a bhí orm. M'anam gur fhulaing mé pian léithe
Tá mise ag fulaingt ar an aimsir seo le daitheachaí (cois thinn srl.)
Tá fiacal agam atá farctha ar fad, agus níl a fhios céard atá fulaingthe agam aici le coicís.
·
Níl a fhios cén tart a d'fhulaing mé, agus gan tada agam lena choisceadh
D'fhulaing mé ocras ar chaoi ar bith!
+
Bhí fulaingt aici an créatúr: sínte ansin ar shlatrachaí a droma le bliain mhór fhada; agus gan í in ann corraí ach de réir mar a d'iontódh duine eile sa leaba í. Is maith an mhalrait aici é (an bás). Tá Dia buíoch di
Is mór atá le fulaingt ag duine agus níl rud ar bith is mó a chuireas fulaingt air ach droch-chlann
TUILLEADH (2) ▼
Cuir é sin léithe. Cuirfidh sé ó fhulaingt thú ar chaoi ar bith — bainfidh sé an phian díot; tabharfaidh sé fuarú ar an bpian duit
Níl tinneas ar bith is mó a bhfuil fulaingt ann ná cancer — bíonn pian ghártha leis
2.
a.
acmhainn le pian, tinneas srl.
+
Tá fulaingt agat ar chaoi ar bith — acmhainn glacadh le tinneas, le pian, le lear an tsaoil, le magadh srl. go foighdeach
Ba diabhaltach an fhulaingt a bhí agat. Dhá mbeadh sé ag séideadh fúmsa mar sin, thabharfainn buille marfach dó
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an fhulaingt atá aici. Mura dteagadh ach éasc beo ina cois, bheadh sí chomh hanóiteach agus dhá mba ag saothrú báis a bheadh sí
Tá fulaingt mhór ag an duine bocht. Cáid buailte síos anois é?
+
Níl mórán fulaingt ar theas agat — níl tú in ann mórán teas a sheasamh
Ní bheadh aon ghnaithe ag duine ansiúd mura mbeadh fulaingt mhaith ar theas aige
TUILLEADH (7) ▼
Shílfeá go mbeadh fulaingt agat ar fhuacht thairis sin
Níl fulaingt ar bith agam le tinteachaí ó tháinig an ghrís seo orm. 'Sé an chaoi a mbíonn an teas ag borradh leis an tochas
Théis gurb é lár an tsamhraidh a bhí ann agus go raibh an uair breá brothallach, ní fhéadfaí a leath dhóthain clúdadh a thabhairt dó. Ar ndóigh ba geimhreadh an áit seo le hais na réigiúin a d'fhága seisean
Ní fhulaingeoinn le cóta mór inniu. Tá an lá rómheirbh
Nach maith a fhéadas tú fulaingt leis an méid sin éadach leabthan a bheith os do chionn. Diabhal mé go bhfuil sé phluid ort
Ní teasaí maith thú muise mura bhfulaingíteá le láimh an chitil sin. Is beag an teas atá inti sin chor ar bith
Dheamhan mórán le go bhfulaingeofá leis an gceirín bheadh sé chomh te sin — ní mórán le go mbeifeá in ann seasamh leis
+
Ní fhulaingeodh sé leis an dochtúr ag lansáil an chnap. Bhí na hollghártha aige ag caoineachán
Ní raibh mé in ann fulaingt leis ag baint an dealg as mo chois. Tháinig meirfean orm
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhulaingeoidh mé i bhfad eile leis an mbróig seo. Tá sí do mo thógáil
Níl aon fhulaingt agam leis an treabhsar seo. Tá sé róchúng dom. Tá snaidhm ar mo phutógaí aige
Is diabhlaí a d'fhulaing sé diallait an bhicycle sin. Tá sí míle ró-íseal dhó
b.
rud a fhágáil sa staid a bhfuil sé.
+
"D'fhulinneodh fuil fuil i ngorta, ach ní fhulaingeodh fuil fuil dhá dóirteadh" — ní bheadh aon chás ag do dhuine muintreach fút dhá mbeadh ocras agus amhgar ort, ná ní thiocfaidís ag fóirint ort agus thú i ngéarchall ag coraíocht leis an saol; ach má bhíonn tú do do bhualadh i dtroid, nó má bhíonn daoine eile do do mhaslú, tiocfaidh siad do chúnamh dhuit an uair sin
D'fhulaingeofá mise in m'aonraic anseo? — d'fhágfá mise in m'aonraic; ní bheadh aon chás ort faoi mise a bheith in m'aonraic
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfulaingeodh t'athair i mbochtaineacht thú agus a bhfuil d'airgead aige
Ní fhulaingeoinn i ngéarchall é ar chaoi ar bith
c.
a dhul mar thaca faoi ualach nó leatroma ualaigh.
+
Fulaing an cliabh sin dom — dhá mbeadh srathair agus dhá chliabh ar chapall nó ar asal, agus go mbeadh ualach sna cléibh, agus dhá mbeadh duine ag baint na gcléibh den tsrathair, nó dhá gcur den talamh ar an tsrathair, ar an dhá luath is a gcuirfeadh sé suas leathchliabh, nó a mbainfeadh sé anuas leathchliabh, chaithfeadh duine a dhul isteach faoin leathchliabh eile agus é a choinneáil suas i riocht is nach n-iontódh sé féin agus an tsrathair. "Cliabh a fhulaingt" a thugtar air sin
Fulaing an cliabh seo dhom nó go gcuire mé suas an leathchliabh eile
TUILLEADH (5) ▼
Bhí leatroma sna cléibh ar an asal agus d'iarr mé air an leathchliabh thoir a fhulaingt nó go ndírínn an cliabh eile, agus sin a thomhais ort céard a rinne sé: reacht gáire a chur as fhéin agus imeacht leis
D'ardaigh an bheirt againn gob na curaí agus chuaigh mise fúithi ach dhá mbeadh mo chailleadh den tsaol leis, ní fhéadfainn a fulaingt. D'fhuagair mé air go raibh mé ag dul dhá ligean anuas. Sin é an uair a bhraith sé na clocha — dhá dhaigéad mhóra — agus iad ceangailte ar na seasannaí. 'M'anam nach iontas ar bith nach bhfuil tú in ann a fulaingt,' adeir sé
Dhá mbeadh cléibh lóid againn ní theastódh duine ar bith le na hualaigh a fhulaingt — cléibh a bhféadfá an tóin a scaoileadh iontu
B'fhearr dhuit cois na leabthan a fhulaingt dom nó go sáithe mé isteach as a cloigeann í
Fulaing an cliabh móna seo dhom nó go leaga mé dhíom é — duine a dhul taobh thiar sa gcliabh an fhad is a bheadh an té a mbeadh sé air ag baint a chloiginn as an iris agus dhá ligean anuas
d.
éagóir.
+
Rinne sé thar a fhulaingt é — ghortaigh sé é fhéin ag ardú ualaigh, cloiche ná a leithide; rinne sé éagóir air fhéin ag déanamh an iomarca oibre
Ná cuir thú fhéin thar t'fhulaing leis an mála sin. Sin é an chaoi ar bhris sé sin thiar íochtar a bhronn, go sábhála Dia sinn! — mura n-éirí leat an mála a ardú gan an iomarca stró, ná téirigh ródhian ort fhéin. Is minic nach mbíonn t ar bith sa bhfocal mar ainmfhocal
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé é fhéin thar a fhulaing ag tarraingt bhara. Shníomh sé é fhéin ar fad
M'anam muise go bhfuair tú amach an ceann a chuireas é fhéin thar a fhulaing. Mise a bhí faoin mbara inné in éindí leis. Dheamhan dhá mhéaróig uirthi againn. Deir tú leis ina dhiaidh sin a chuireadh suas ar a cheathrú chuile uair í le athghreim a bhreith. Sin é atá airdeallach air fhéin!
Beart féir a bhí air, agus d'airigh sé an-mheáchan ann, agus diabhal mé go dtug sé go hiothlainn é ina dhiaidh sin. Ach chuir sé é féin thar a fhulaing leis. Ní dhearna sé aon bhuille ó shin
Chuaigh sé thar a fhulaing leis an obair agus tá a shéala air. Dheamhan ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois. Diabhal neart a bhí aige air. Bhí sé aonraic
Níl an capall in ann an t-ualach sin a thabhairt in aghaidh Ardán Ch. Gh. agus níl aon mhaith dhuit a dhul thar a fulaing léithe
M'anam scarthóir ar bith a bhí ag coinneáil scartha ó bheirt shleádóirí, go raibh sé dhá chur fhéin thar a fhulaing. Níor dhíol trua ar bith a leithide dhá maraíodh sé é fhéin
+
Téann an ceann céanna i gcónaí thar fhulaing leis an magadh. Nuair is fhearr an súgradh sea is fhearr ligean dó, adeir siad — téann sé rófhada leis an magadh. Níor cheart dó a sheadú chomh fada sin mar cuireann sé olc ar dhaoine as a dheireadh
Ní spóirt ar bith a bhíos aige sin. Téann sé thar fhulaing léithe. Tá sé dhá thuaradh dhó fhéin muis. Is gearr go dtuga duine eicínt cniogaide dhó.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mian leis gan a dhul thar fhulaing i gcónaí leis an dea-chaint. Ach ní hé an oiread sin acmhainne atá aige fhéin. Dhá mbeadh, níor mhiste le duine beirthe é.

Féach freisin

fulaing in iontrálacha eile (16)

 
bruach
Sin é do mhaith má tá díocas tochais sna bruachannaí sin. Fulaing é agus ná scríob é.
 
féith 1
Ní raibh aon fhéith ag gabháil liom nach mb'éigean dom a chur faoi dhíocas ag súil go mbeinn réidh in am. Chuaigh mé thar m'fhulaing, ach sin a raibh de mhaith dhom ann. Tá an t-ard siúd diabhaltach deacair.
 
Fulaing an leatroma dhom — déarfadh duine seo nuair a bheadh ualaigh iomarca meáchain aige ar leataobh agus go dteastódh uaidh tuilleadh a chur ar an taobh eile leis an ualach a thabhairt cothrom. Dá mbeadh duine eile i láthair déarfadh sé leis an leath trom a fhulaingt (fhuilingt) nó a lámh a chur faoin taobh trom i riocht agus nach n-iompódh an eire nó trealmha nó an t-ualach droim ar ais
 
"A Dhia agus a Chríosta, a d'fhulaing íospairt" (Eanach Cuain)
+
Is mór í t'fhoighid ar chuma ar bith agus a bhfuil fulaingthe agat le seal
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-fhoighid agat leis an mbróig sin. Chaithfeadh sé gur fhulaing tú an t-uafás léithe
 
fuil 1
D'fhulaingeodh fuil fuil i ngorta, ach ní fhuilfinneodh fuil fuil dhá dóirteadh (fc. fulaing)
 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
 
daigh
Daitheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar chomh tréan in Éirinn agus atá tú in ann a ól … Níl tú in ann fulaingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fulaingt lena daitheachaí!
 
daor 2
"Ansiúd a chífeá an diabhal ina sheasamh; scála thrína láimh agus é ag fuarú braiche leis; ag cur tart ar m'anam agus dhá dhaoradh; agus dhá chur go hifreann ag fulaingt na bpianta". As Aithrí Sheáin de Barra
 
do- 2
"An rud a bhí dodhéanta rinne sé féin é. D'fhulaing sé a sciúrsáil a chrochadh agus a chéasadh" (as amhrán diaga: Trí scóir a bhí an Naomh Joseph nuair a phós sé Muire Mháthair)
 
Ní sna fiacla atá na daitheachaí chor ar bith orm, ach isteach sa drandal. Ina driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadrom i dtosach ach tagann an t-ardú ansin mar a bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon ní faoin saol in ann fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneáil in mo bhéal chomh fada in Éirinn agus atá mé in ann fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhraíonn sé roinnt í mar sin féin
 
driog
Airíonn sé corrdhriog inti fós ach is beag an bhrí iad le hais an phian ghártha a bhí inti cheana. Ní fhaca mé aon fhear ariamh ab fhearr fulaingt ná é. Scaití ansin bhíodh sé ina lúib le pian ach dheamhan a n-éagnaíodh sé ina dhiaidh sin í. Is mór an fhoighid a bhíos ag cuid de na daoine thar a chéile
 
droim
D'ólfainn bairille pórtair dhá dhroim an pointe seo de ló, tá an oiread sin íota orm ó na faoitíní sin. Bhí agam fulaingt leis i dtosach agus gan deoir ar bith a ól. Dhá ndéanainn sin, bhí agam. Ach ó ólfas tú deoch ar bith, tá sé chomh maith dhuit gan an soitheach a bhaint de do bhéal uaidh sin amach
 
duine
Má bhíonn fabht ar dhuine, caithfidh sé fulaingt leis. Sin é beith an duine
 
dún
Tá mo ghoile dúnta i gceann mar atá mé. Chreidim gurb í an phian chráite a d'fhulaing mé a rinne orm é. Shíl mé go raibh mé in aer. Bhí mé ag dul i ngealta críochnaithe aici (ag an bpian)