fulangach
—aidiacht
—
+–
Is duine fulangach é — foighdeach le tinneas, pian, obair srl.; acmhainneach ar obair srl.
Níl mé fulangach ar obair shleáin chor ar bith — acmhainneach uirthi; dhéanfainn í, ach ní bheadh aon tsíoraíocht ionam léithe
TUILLEADH (4) ▼
Thar obair ar bith, níl mé fulangach ar an gceird sin. Dhá mba aineolaí mé, níor mhiste, ach tá mé i gcurachaí ó chuaigh banlámh de chóta orm. I nDomhnach ina dhiaidh sin fhéin, ní bheadh buille iomraimh déanta agam nuair a bheinn in mo staic
Níl mé fulangach chor ar bith ar dhaitheachaí fiacla. Bím thar bharr mo chéille acu
Is diabhlaí fulangach ar mhagadh atá P. Tá éisteacht an tsaoil aige. Fear ar bith eile a mbeifí ag séideadh faoi mar a bhíadh ansin anocht, d'éireodh sé agus speirfeadh sé duine eicínt. Ach dheamhan cor ann
Ní bheadh tolgán ar bith agam seachtain i mbéal a chéile a chaitheamh ag iompar ualaigh, ach níl mé fulangach chor ar bith ar obair na láí. Dheamhan ar thaitnigh sé ariamh liom thar obair ar bith
Féach freisin
→
fulaing