Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fulannach
aidiacht
+
Is duine fulannach é = foighdeach le tinneas, pian, obair etc; acmhainneach ar obair etc.
Níl mé fulannach ar obair shleáin chor ar bith = acmhainneach uirre; dhéanfainn í, ach ní bheadh aon-tsíoraíocht ionam léithe
TUILLEADH (4) ▼
Thar obair ar bith níl mé fulannach ar an gceird sin. Dhá mba aineolaí mé, níor mhiste, ach tá mé i gcurachaí ó a chuaigh banlá de chóta orm. Indomhnach in a dheidh sin fhéin, ní bheadh buille iomra déanta agam nuair a bheinn in mo staic
Níl mé fulannach chor ar bith ar dhoigheachaí fiacla. Bím thar bharr mo chéille aca
Is diabhlaí fulannach ar mhagadh atá P. Tá éisteacht an tsaoil aige. Fear ar bith eile a mbeithí ag séideadh faoi mar bhíodhadh annsin anocht, d'eireódh sé agus speirfeadh sé duine eicínt. Ach dheamhan cor ann
Ní bheadh tolgán ar bith agam seachtain i mbéal a chéile a chaitheamh ag iompar ualaigh, ach níl mé fulannach chor ar bith ar obair na láighe. Dheamhan ar thaithnigh sé ariamh liom thar obair ar bith

Féach freisin

fulannach in iontrálacha eile (2)

 
Is fánach a' chriogaide a' ghortóchadh duine ar a' tsúil. An tsúil, an ghlúin a's an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulannach ar thada.
 
beo 2
Níl beo na crúibe fulannach ar thada.