Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fora; Forú, Furú
ainmfhocal; uaillbhreas
forú, is mó adeirtear
1.
uaillbhreas.
+
Furú! Amach annseo! = déarfadh gasúir é agus iad ag spraoi, go háirid agus iad ag ionnfairt nó ag rith
Forú annseo thrí na driseachaí!
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh mé geall má rithimse nach dtiocfaidh tusa suas liom. Furú!
Furú! Feicim thú! = nuair a bhrathas an gasúr a bhíos ag tóraíocht, gasúr a bhíos i bhfalach san "bhfalach bhíog"
2.
mífhoighid agus deifir in éindigh; an-deifir nó an-driopás; anbhá; "galra ráithe"; uafás; súnás.
+
Ní bheidh aon-fhora ar aonduine ag rádh rud nó go mbeidh sé ar meisce. Scéithfidh sé a mbeidh in a bholg annsin.
Is faoi atá an fora pósta. Shílfeá go mbeadh a dhóthain breithe aige air
TUILLEADH (4) ▼
Forú Jude = leasainm atá ar dhaoine san áit seo. Bhíodh bís deifire i gcomhnaí ar dhuine aca
Bhí an-fhorú air inniu ag dul chun an phortaigh. Dhá mba lá maitheasa é, is beag den fhorú a bheadh air, deirimse leat
Diabhal mé gur aréir ag an dó dhéag a chlog a bhí an forú ar fad air. Shílfeá go mba lá earraigh aige é! 'Ar ndú' is cóir adeir siad gur trathnóna a níos an tóin an tochras
Cén sórt forú atá air seo suas? Níl breith bonn báis aige go mbeidh sé thuas ag tolladh sna clochair sin. M'anam muise nach len a fhoghail ann é! Bheadh an oiread talúna deargha ag fear roimh a bhricfeasta agus atá deargha aige ann le coicís
·
Chuaigh sé soir agus forú faoi. M'anam muise go n-airíonn sé síol nua eicínt thoir agus an oiread sin forú a bheith air. Is beag an forú a bheadh air, mo léan, ag dul amach ag án a gharraí
Ní chuireann sé cuma curha ar bith orra (fataí) le forú. Bhí sé cho maith dhuit muic a leigean san ngarraí leis. Scrábálaí salach, ós sin é a ainm

Féach freisin

Fora in iontrálacha eile (1)

 
fora
Thuit an fora uachtarach dhá shúl dheas