Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág ar
a.
+
Ormsa a d'fhága sé de chúram breanú indiaidh an pháiste
Ní dhéanfaidh mise é. Níor fágadh de chúram orm é
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfágthaí de chúram ormsa é, bhreanóinn in a dhiaidh, ach ní hé mo ghnatha é
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
Sén fear is fhearr é le áirdeall na mbeithioch a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
+
Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh = rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon-bharainn déanta air etc.
Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh. Agus bhí. Ab é an ceann cipín sin ru?
Tá faitíos orm do na beithigh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon-chomhairleachan in a chionn
·
Ná fág aon-easbaidh ort fhéin = coinnigh do dhóthain tú fhéin; ná bí féin siar leis (an roint etc.)
+
Fágfaidh mise laincis ort (éalann, ceirín, ciréim, etc.) = gortóidh me thú
D'fhága sé éalann len a ló air = he maimed him for life
TUILLEADH (9) ▼
Níor fhága sé snáth éadaigh orm nar strachail sé ó chéile
Níor fhága sé liobar foilt ná craicinn orm gan stróiceadh.
Ní fhágfaidh mé liobair leathair ort mara leige tú dhom
Níor fhága sé liobar foilt ná fíonnaigh síos go dtín a mhása air
Ní fhágfadh sé fuinín gruaige ar mo cheann gan strachailt dhó (dhe) marach gur baineadh as greim é
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort, mara bhfá tú deis thar an scian sin in a n-éadan
Fágfaidh mé codladh ort, mara n-eirí tú as an spochadh = buailfidh mé thú go damáisteach
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé = buailfidh mé as éadan iad
Ní fhágfaidh mé cleith ar an teach nach leagfaidh mé
+
Má theagann sé annseo aríst fágfaidh mise ar leath-sciathán é = gortóidh mé é; bainfidh mé an t-uabhar as; cuirfidh mé riocht air; "I will take the wind out of his sails"
D'fhága an chloch ar leath-shúil len a ló é
TUILLEADH (3) ▼
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
Céard d'fhága ar leath-chois é?
Ab shin é anois a d'fhága ar leath-chluais é?
+
Ná habair thusa tada. Fágfaidh mise ar bheagán cainte é sin feicfidh tú fhéin air = cuirfidh mé in a shost é
Céard a d'fhága ar bheagán fáltais é ach a chuid siléige fhéin?
TUILLEADH (5) ▼
D'fhága an tae ar neamh-chodladh mé
D'fhága an sneachta ar chnáimh mo dhroma mise le seachtain
Sin é a d'fhága ar lár an duine bocht
Ba í a scóig a d'fhága mála na déirce aniar ar a dhruim
D'fhága sin ar bheagán le rá é
+
Fágfaidh an t-iasc sin tart ort = cuirfidh sé tart ort; fáiscfidh sé tart ort
Sí an láighe a d'fhága trálach ormsa
TUILLEADH (5) ▼
Fágfaidh na bóithrí sin speireachaí ort
A chuid boige shíneadh fhéin a d'fhága an bhail sin air
Ba í an bhean a d'fhága an míádh mór air
D'fhága an t-ól an chaoi sin air. Ba suarach an t-íonadh. Bhí sé leis i gcomhnaí
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
b.
+
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
TUILLEADH (3) ▼
An Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
D'fhága tú mise ar deireadh = níor thug tú mo chion nó mo dhóthain dom
c.
·
Is orm a fágadh é, ach ní mé a rinne é = is orm a leagadh é; dúradh gur mé a rinne é
Is air a fágadh é, ach dheamhan 's móide láimh ná cois a bhí aige ann ach an oiread linne

fág ar in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
+
Ná fág an t-airgead sin annsin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air ingan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
TUILLEADH (2) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
Ná fág an buicéad uisce ar formhás annsin faitíos na timpiste. Tá an catmara ar na gasúir sin. Ba gearr orra a dhóirteadh anuas ar fud an tí
 
faoisc
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
+
Ní bheadh a fhios agad cé is fhearr ná is measa den bhrotuinn sin. Gach uile dhuine aca ag baint fearasbár dhá chéile. Agus 'ar ndó' cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (1) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbár ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfóinfeadh sí amach annseo
 
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
 
Bhain sí an drioball den mhadadh amach ón dúid. Níor fhága sí fimín ar bith air
 
feiste
Fág mur sin é. Ná teirigh in a fheiste ná in a fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú 'ionnsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
 
feáin
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
+
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
 
fios
D'fhága mise ar bheagán fios é, th'éis go raibh sé an-chaidéiseach = níor innis mé tada dhó
+
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis ingan fhios de shiúl oíche, agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coímhtheacha a thug sé air féin, agus d'fhága sé ise ar an tráigh thirm
 
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
 
Céard a thug an roiseadh sin do "tyre" do bhicycle? Tá an "tube" ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mara gcuire fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Tá sé ro-fhreochanta. Ní fhágfaidh sé aon-duine gan cur in a aghaidh. Fear ar bith atá in a cheann posta seisean, níorbh fhuláir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
Ar fhága sé slán agadsa chor ar bith sul ar imigh sé?
TUILLEADH (8) ▼
D'fhága sé a bheannacht agadsa ar chaoi ar bith!
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agad
Fágfaidh an bhóithreóireacht ag caitheamh na miotán é. Níl áird ar bith aige ar a ghnatha
Fágaim ag Dia é. Má ghoid sé fhéin é ní chuirfidh mise aon-tréas air faoi = déanfaidh Dia breith a thabhairt air. Ní chuirfidh mé aon-leanúntas chúirte air
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
Fágaim ag mac Dé bheannaithe nar leag mé láimh ná cois air! Sin í an fhírinne
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim 's chúig bhliana fichead, agus sé a chloch neart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
 
Ara fág é sin as margadh ar fad. Ní comhlódar do mhuc ná do mhadadh é sin
 
Dhá bhfágadh sé fúmsa é, is fadó a bheadh sé faite agam dó, ach ní fhágfadh. An iomarca comhairleachaí 'ar ndó!
 
Ní fhágfadh sé cloch san gclaidhe gan caitheamh anuas marach gur bagraíodh air
+
fág i
Sin é an rud a d'fhága caitheamh in a dhiaidh agam ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Fág do dhiaidh ar fad an t-aisiléara sin = ná tabhair leat (ar an aistir etc.) é
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé in a dhiaidh é ar ball = ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
Bhásaigh sí agus d'fhága sí áilín a bhí ar aon-chéill in a diaidh
Céard a d'fhága san gcruth sin thú ach do chuid mí-chomhairle fhéin. Ní éistfeá leis an té a bheadh ar mhaithe leat. Tá a shliocht ort anois
Fág in a dhá chéad fhéin é. Tá an méid sin aige san mbliain ar a laghad ar bith = you can count (suppose, take for granted) it at (as) a hundred.
+
Fágaim le m'uacht go bhfuil glionndar orm go bhfuil tú san mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim le m'uacht gur maith liom sin muis. 'Chonách maitheasa ort!
+
fág
Fág seo síos ar an mbóthar
TUILLEADH (6) ▼
Fág seo ar cuairt. Ní raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Breá nach bhfágfá an solas orm? Céard atá tú a dhéanamh in do chaidhfte annsin?
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort
Níor bhuail mise é. Nar fhága mé seo má leag mé láimh ná cois air
Nar fhága mé seo má dúirt mé ariamh é. Duine eicínt a chuir bréag orm