Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág ar
a.
+
Ormsa a d'fhága sé de chúram breathnú i ndiaidh an pháiste
Ní dhéanfaidh mise é. Níor fágadh de chúram orm é
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfágthaí de chúram ormsa é, bhreathnóinn ina dhiaidh, ach ní hé mo ghnaithe é
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
'Sé an fear is fhearr é le airdeall na mbeathach a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
+
Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh — rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon bharainn déanta air srl.
Más ar t'fhágáilse a bheas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
TUILLEADH (2) ▼
Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh. Agus bhí. Ab é an ceann cipín sin ru?
Tá faitíos orm do na beithígh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon chomhairleachan ina chionn
·
Ná fág aon easpa ort fhéin — coinnigh do dhóthain tú fhéin; ná bí féin siar leis (an roinnt srl.)
+
Fágfaidh mise laincis ort (éalang, ceirín, cithréim, srl.) — gortóidh mé thú
D'fhága sé éalang lena ló air he maimed him for life
TUILLEADH (9) ▼
Níor fhága sé snáth éadaigh orm nár streachail sé ó chéile
Níor fhága sé liobar foilt ná craicinn orm gan stróiceadh.
Ní fhágfaidh mé liobair leathair ort mura lige tú dhom
Níor fhága sé liobar foilt ná fíonnaigh síos go dtína mhása air
Ní fhágfadh sé foithnín gruaige ar mo cheann gan streachailt dhó (dhe) murach gur baineadh as greim é
Ní fhágfaidh na driseachaí sin láimh ort mura bhfaighe tú deis thar an scian sin ina n-éadan
Fágfaidh mé codladh ort mura n-éirí tú as an spochadh —buailfidh mé thú go damáisteach
Ní fhágfaidh mé fear ar an mbaile nach mbuailfidh mé — buailfidh mé as éadan iad
Ní fhágfaidh mé cleith ar an teach nach leagfaidh mé
+
Má theagann sé anseo aríst fágfaidh mise ar leathsciathán é — gortóidh mé é; bainfidh mé an t-uabhar as; cuirfidh mé riocht air; I will take the wind out of his sails
D'fhága an chloch ar leathshúil lena ló é
TUILLEADH (3) ▼
'Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leathláimh é
Céard a d'fhága ar leathchois é?
Ab in é anois a d'fhága ar leathchluais é?
+
Ná habair thusa tada. Fágfaidh mise ar bheagán cainte é sin feicfidh tú fhéin air — cuirfidh mé ina thost é
Céard a d'fhága ar bheagán fáltais é ach a chuid siléige fhéin?
TUILLEADH (5) ▼
D'fhága an tae ar neamhchodladh mé
D'fhága an sneachta ar chnáimh mo dhroma mise le seachtain
Sin é a d'fhága ar lár an duine bocht
Ba í a scóig a d'fhága mála na déirce aniar ar a dhroim
D'fhága sin ar bheagán le rá é
+
Fágfaidh an t-iasc sin tart ort — cuirfidh sé tart ort; fáiscfidh sé tart ort
'Sí an láí a d'fhága trálach ormsa
TUILLEADH (5) ▼
Fágfaidh na bóithrí sin speireachaí ort
A chuid boige shíne fhéin a d'fhága an bhail sin air
Ba í an bhean a d'fhága an mí-ádh mór air
D'fhága an t-ól an chaoi sin air. Ba suarach an t-ionadh. Bhí sé leis i gcónaí
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
b.
+
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hé brí cé eile a bheas siar leis
TUILLEADH (3) ▼
An té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
D'fhága tú mise ar deireadh — níor thug tú mo chion nó mo dhóthain dom
c.
·
Is orm a fágadh é, ach ní mé a rinne é — is orm a leagadh é; dúradh gur mé a rinne é
Is air a fágadh é, ach dheamhan is móide láimh ná cois a bhí aige ann ach an oiread linne

fág ar in iontrálacha eile (50+)

 
Tá an chliath fágtha ar an gceannfhearann thuas sa ngort. Ba chóir dhuit í a thabhairt anuas
+
Ná fág an t-airgead sin ansin faitíos na heirimisce. Cá bhfios duit cé a bhuailfeadh isteach agus a chuirfeadh crúib air i ngan fhios duit. Ní fear cneasta é gach fear dhá dteagann ar do theallach!
TUILLEADH (2) ▼
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
Ná fág an buicéad uisce ar forbhás ansin faitíos na timpiste. Tá an cat mara ar na gasúir sin. Ba gearr orthu a dhóirteadh anuas ar fud an tí
 
faoisc
Fág ansin iad. Níl leathbhruith orthu fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orthu. Níor fhaoisc siad chor ar bith
+
Ní bheadh a fhios agat cé is fhearr ná is measa den bhratainn sin. Gach uile dhuine acu ag baint farasbarr dhá chéile. Agus ar ndóigh cár fhága tú an t-athair!
TUILLEADH (1) ▼
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa ansiúd agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
 
Bhain sí an drioball den mhadadh amach ón dúid. Níor fhága sí feimín ar bith air
 
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
 
feáin
Beidh sé isteach agat anois gan mórán achair idir chlár is chuinneog. Tá sin chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt anseo
+
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat. Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
 
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
 
fios
D'fhága mise ar bheagán fios é, théis go raibh sé an-chaidéiseach — níor inis mé tada dhó
+
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé láimh agus focal di go bpósfadh sé í, ach ghread leis i ngan fhios de shiúl oíche agus níor facthas ariamh ní ba mhó é. Na tíortha coimhtheacha a thug sé air féin agus d'fhága sé ise ar an trá thirim
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
Céard a thug an roiseadh sin do tyre do bhicycle? Tá an tube ag freagairt ann. Ná fág ball na háite nó go gcuire tú deis eicínt air. Mura gcuire, fágfaidh sé ar an mbóthar thú
 
Tá sé rófhriochanta. Ní fhágfaidh sé aon duine gan cur ina aghaidh. Fear ar bith atá ina cheann posta seisean, níorbh fholáir dó foighid naoimh a bheith aige
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
Dhein sé fudairnéis den áit lena sheanmhótar. D'éagóir Dé dhó nár fhága é san áit a raibh sé! Tá íospairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
+
Ar fhága sé slán agatsa chor ar bith sular imigh sé?
TUILLEADH (8) ▼
D'fhága sé a bheannacht agatsa ar chaoi ar bith!
Fágfaidh na bróga léasrachaí ar na cosa agat
Fágfaidh an bhóithreoireacht ag caitheamh na miotán é. Níl aird ar bith aige ar a ghnaithe
Fágaim ag Dia é. Má ghoid sé fhéin é ní chuirfidh mise aon tréas air faoi — déanfaidh Dia breith a thabhairt air. Ní chuirfidh mé aon leanúntas chúirte air
Ná bac leis. Fág ag Dia é. Agróidh Dia é sin air
Fágaim ag Mac Dé bheannaithe nár leag mé láimh ná cois air! Sin í an fhírinne
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim is chúig bhliana fichead, agus sé a chlochneart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
 
Ara fág é sin as margadh ar fad. Ní comhluadar do mhuc ná do mhadadh é sin
+
Fágfaidh muid fút fhéin é. Is tú is fhearr eolas air bail ó Dhia ort
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhfágadh sé fúmsa é, is fadó a bheadh sé faite agam dó, ach ní fhágfadh. An iomarca comhairleachaí ar ndóigh!
 
Ní fhágfadh sé cloch sa gclaí gan caitheamh anuas murach gur bagraíodh air
+
fág i
Sin é an rud a d'fhága caitheamh ina dhiaidh agam ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Fág i do dhiaidh ar fad an t-aisiléara sin — ná tabhair leat (ar an aistir srl.) é
Foighid ort! Tá an-tsaint san airgead aige, ach fágfaidh sé ina dhiaidh é ar ball — ní fhéadfaidh sé a thabhairt san uaigh leis
Bhásaigh sí agus d'fhága sí áilín a bhí ar aon chéill ina diaidh
Céard a d'fhága sa gcruth sin thú ach do chuid míchomhairle fhéin. Ní éistfeá leis an té a bheadh ar mhaithe leat. Tá a shliocht ort anois
Fág ina dhá chéad fhéin é. Tá an méid sin aige sa mbliain ar a laghad ar bith — you can count (suppose, take for granted) it at (as) a hundred.
+
Fágaim le m'uacht go bhfuil gliondar orm go bhfuil tú sa mbaile
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim le m'uacht gur maith liom sin muis. 'Chonách maitheasa ort!
+
fág
Fág seo síos ar an mbóthar
TUILLEADH (4) ▼
Fág seo ar cuairt. Ní raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir
Ag caint ar a dhul ar an loch a bhí tú. Fág seo
Breá nach bhfágfá an solas orm? Céard atá tú a dhéanamh in do chaidhfte ansin?
Fág an doras, agus ná bíodh chuile dhuine ag breathnú ort