Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fága
Ainmfhocal: Buineann
Iolraidh: fágaí, fágannaí
tonn mhór; farraige bhog ghuagach a bheadh ann tharéis uaire móire agus an mhuir ag leigean fúithi aríst. Go hiondúil bíonn scoth-mhaoimeannaí móra ann ar uair den tsórt sin, agus an fharraige bainte. Is minic gur cosúlacht glas-aimsire iad na fágaí le linn cailm. Tugtar fágaí orra freisin nuair a bhíos bun ag an bhfarraige agus tosach na toinne ag guagadh, agus tarraint inte.
+
Gheobhaidh fear na curaí bocáil inniu ó na fágaí. Dar príosta gheobhaidh
Ba deacair a dhul ar farraige inniu tharéis go bhfuil an aimsir suaimnithe. Tá fágaí ann
TUILLEADH (5) ▼
Tá an fharraige bainte. An bhfeiceann tú a bhfuil d'fhágaí inti. Tá tuilleadh den uair mhóir air
Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon-ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon-stró ar churachóir mhaith. Ach 'ar ndó' ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní shin iad is measa a mh'anam
Tá fágaí farraige ann