Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fága
ainmfhocal, baineann
iolra: fágaí, fágannaí
tonn mhór; farraige bhog ghuagach a bheadh ann thar éis uaire móire agus an mhuir ag ligean fúithi aríst. Go hiondúil bíonn scothmhaidhmeannaí móra ann ar uair den tsórt sin, agus an fharraige bainte. Is minic gur cosúlacht glasaimsire iad na fágaí le linn cailm. Tugtar fágaí orthu freisin nuair a bhíos bun ag an bhfarraige agus tosach na toinne ag guagadh, agus tarraingt inti.
+
Gheobhaidh fear na curaí bocáil inniu ó na fágaí. Dar príosta gheobhaidh
Ba deacair a dhul ar farraige inniu thar éis go bhfuil an aimsir suaimhnithe. Tá fágaí ann
TUILLEADH (5) ▼
Tá an fharraige bainte. An bhfeiceann tú a bhfuil d'fhágaí inti. Tá tuilleadh den uair mhóir air
Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí bualadh faoin bhfarraige inniu. Théis nach bhfuil aon ghála ann, tá bun aice; agus fágannaí diabhalta ann. Ní bheadh aon stró ar churachóir mhaith. Ach ar ndóigh ghabhfadh curachóir maith amach dhá scréachta dhá mbeadh sí
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta a aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seol inniu, ach ní dheachaigh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht calaidh air ansin le seachtain.
Níl call faitíos ar bith dhuit roimh na fágaí sin. Tá siad an-bhog. Ní hin iad is measa a mh'anam
Tá fágaí farraige ann