Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fágálachaí
Ainmfhocal san Iolraidh
dhá bhfódaítí fataí, agus na síolta a shá ionta in a dhiaidh sin, fágálachaí a thugtar ar na poill a gcuirfí na síolta síos ionta. Déantar na poill le cipín nó scaití leis an láidhe más talamh sprosach, nó ithir é. Tá an focal ag seirgeadh mar is annamh a sháitear fataí anois. Déantar i dtalamh sléibhe corr-uair é.
·
Cé leis a ndearna tú na fágálachaí? … Le cipín. Shílfeá go mbeadh an chréafóig siúd sách briosc len a ndéanamh leis an láidhe fhéin
Sén chaoi ar shá mé na síolta ann, agus nuair a shá, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur fearasbar maitheasa orra má b'fhíor dom fhéin. 'Ar ndó' mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Ro-leasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin