fágálachaí
—ainmfhocal san iolra
—
dhá bhfódaítí fataí, agus na síolta a shá iontu ina dhiaidh sin, fágálachaí a thugtar ar na poill a gcuirfí na síolta síos iontu. Déantar na poill le cipín nó scaití leis an láí más talamh sprusach nó ithir é. Tá an focal ag seargadh mar is annamh a sháitear fataí anois. Déantar i dtalamh sléibhe corruair é.
·
Cé leis a ndearna tú na fágálachaí? … Le cipín. Shílfeá go mbeadh an chréafóig siúd sách briosc lena ndéanamh leis an láí fhéin
'Sé an chaoi ar sháigh mé na síolta ann, agus nuair a sháigh, chuir mé mám diúain síos sna fágálachaí ag cur farasbarr maitheasa orthu má b'fhíor dom fhéin. Ar ndóigh mo chreach mhaidne! Mharaigh mé le leasú iad. Róleasaithe a bhí siad roimhe sin fhéin