Fáiméad
—ainmfhocal: fireann (ach bíonn sé buineann ag daoine. Féach na somplaí)
—uimhir iolraidh: fáiméid.
1.
iarraidh, buille; cnaga dorn.
+–
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoin a chéile leis an bhfuaim a bhain sé as = dorna, cic, iarraidh mhaide etc.
Buail fáiméad ar an mbord annsin, agus má tá aonduine san teach aireóidh sé thú. Is aisteach an rud beirt a fhágáil mar seo d'uireasa óil ag breathnú ar na ballaí!
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail sé fáiméad de dhorna air agus shíl mé go raibh a ghiall in a dhá leith aige. Diabhal a dhath mairg a bhí air in a dheidh sin
Thug sé fáiméad d'iarraidh don fhuinneoig agus rinne sé steig meig di. Ach íocfaidh sé í sílim. Tuilleadh ghéar don diabhal aige, má íocann féin! Sén gléas air é!
2.
grúán nó ailleóig de chloich.
+–
Chaith sé fáiméad de chloich liom agus go deimhin dhá bhfáinn í, bhí mo chuid agam. Nach diabhlaí an grádh atá aige do na clocha i gcomhnaí! Shílfeá go bhfuair sé a dhóthain díobh cheana
Cérb as a dtáinig an fáiméad sin (cloch). Ní éadáil mhaith í sin ar urlár a bhfuil cantalóirí ag tarraint ann! Ná fág arm ar bith mar sin so-laimhsithe aca. Smíochaidís a chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Ba bheag an dochar dhó fuil a chailleadh fhéin, má d'eirigh an fháiméad sin leis. Is diabhlaí nar mharuigh sí é!
3.
rud mór, toirt mhór, límistéar mór, duine mór nó a leithide. (Chítear dhom go bhfuil meascadh ag céill a 3 agus b'fhéidir ag céill a 2 agus a 1 freisin, le focal eile "fámaire", nó arb as an bhfréimh chéanna iad? Fc. fámaire.).
+–
Is cumasach an fáiméad d'fhear é, bail ó Dhia air. Tá biseach ann, bíodh an greim ann nó ná bíodh
Níl ann fhéin ach cimleacháinín nach dtiúrfá deich triuf air, ach tá fáiméad de bhean aige, agus ní thiocfadh sí isteach an doras sin. Go deimhin, má thosaíonn sé ag cur a chraicinn dó (dhe), ní stró mór uirri é a cheannsú
TUILLEADH (1) ▼
Cár mharaigh tú an fháiméad de bhallach sin … poll Charraig Mh. Ba mhaith é poll Charraig Mh. chuile lá ariamh
+–
Is breá an fháiméad de chruach mhóna atá amuigh aige. Gabhfaidh sí cheithre scóir. Ní stró uirri é
Is diabhlaí an fáiméad de gharraí fataí é sin atá curha ag C. annsin thiar. A Dhia dhá thártháil! Céard adeirigh dó i mbliana? Ní fhaca mé díol dhá chearc ag an bhfear céanna ariamh cheana
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-fháiméad talúna annsiúd aige le bóthar agus roinn eile thoir. Ní cheal talúna atá air, dhá mbeadh sé indon é a shaothrú.
Cáid ó rinne sé an fáiméad do choca feamainne siúd? Ó a bhí mise ag an gcladach go deireannach é.
4.
casúr, nó acara a bhfuil cosúlacht aige le casúr saor cloch. Tá druim air ar nós an druim a bhíos ar chúl oird saoir, agus béal ar nós táil. Leis an "oakum" a dhaingniú isteach idir cláir an bháid é, nuair a thosaíos sí ag leigean thríthi. Tá bois ar thaobh dhe agus slis ar an taobh eile. Daingníonn an tslis an t-"oakum" isteach, agus míníonn an bhois síos é. Is in a thaobh atá an chois.
·
Bhí sé fhéin agus an bhean in árachaí a chéile. Craicínteacht phoitín a bhí air. 'Ar ndó' bhí sé in a snáth mara ar an mbaile sin an uair sin. Meastú céard a rinne sé nuair a bhain sé fhéin agus an bhean amach san ropaireacht? A dhul thuas ar an lota, agus a theacht anuas aríst, agus sin a thomhais ort céard a thug sé anuas as? An fáiméad — fáiméad an bháid — le dhul ag lascadh na mná leis. Théich mé fhéin. Théich an bhean …
5.
banrach, nó pionna nó gabhann a bhíodh sna buailtí. Cúinne nó límistéar é a sháinnítí le claidhe a dhéanamh. Chuirtí na laoghanntaí isteach ann len a gcoisceadh ón máthair a dhiúl. Is ann a thugtaí an bainne dóibh tharéis an bhleáin. D'fheicfeá claidheachaí na bhfáiméad fós ar thamhnachaí nó in áiteachaí a mbíodh buailtí ar sliabh roimhe seo (tá an focal "fáiméad" i gcéill a 5 ag seirgeadh san gcaint. Ach in áiteachaí a bhfuil cuimhne fós ar na buailtí baintear leas as i gcomhair pionna nó bannraí ar bith a dhéanfaí le haghaidh uain a locadh, nó gamhna nó a leithide).
+–
Déan fáiméad annsin amuigh le na laoghanntaí sin a chur isteach ann
Ba mhinic a thug mise bainne do laoghanntaí san bhfáiméad an t-am a mbíodh muid ar buaile
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin annsin thoir, go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad ro-chuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
Féach freisin
→
fámaire
Fáiméad in iontrálacha eile (1)
→
drandal
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na dranndail dóibh agus a gcuid drad a chuir siar in a mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scaibhtéaraí!