fáiméad
—ainmfhocal, fireann (ach bíonn sé baineann ag daoine; féach na samplaí)
—uimhir iolra: fáiméid.
1.
iarraidh, buille; cnaga dorn.
+–
Bhuail sé fáiméad ar an doras. Shílfeá gurb é dhá chlár an domhain a buaileadh faoina chéile leis an bhfuaim a bhain sé as — dorna, cic, iarraidh mhaide srl.
Buail fáiméad ar an mbord ansin agus má tá aon duine sa teach, aireoidh sé thú. Is aisteach an rud beirt a fhágáil mar seo d'uireasa óil ag breathnú ar na ballaí!
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail sé fáiméad de dhorna air agus shíl mé go raibh a ghiall ina dhá leith aige. Diabhal a dhath mairg a bhí air ina dhiaidh sin
Thug sé fáiméad d'iarraidh don fhuinneoig agus rinne sé steig meig di. Ach íocfaidh sé í sílim. Tuilleadh ghéar den diabhal aige má íocann féin! 'Sé an gléas air é!
2.
grúán nó ailleoig de chloich.
+–
Chaith sé fáiméad de chloich liom agus go deimhin dhá bhfaighinn í, bhí mo chuid agam. Nach diabhlaí an grá atá aige do na clocha i gcónaí! Shílfeá go bhfuair sé a dhóthain díobh cheana
Cérb as a dtáinig an fáiméad sin (cloch). Ní éadáil mhaith í sin ar urlár a bhfuil cantalóirí ag tarraingt ann! Ná fág arm ar bith mar sin soláimhsithe acu. Smíochaidís a chéile.
TUILLEADH (1) ▼
Ba bheag an dochar dhó fuil a chailleadh fhéin, má d'éirigh an fháiméad sin leis. Is diabhlaí nár mharaigh sí é!
3.
rud mór, toirt mhór, limistéar mór, duine mór nó a leithide. Chítear dhom go bhfuil meascadh ag céill a 3 agus b'fhéidir ag céill a 2 agus a 1 freisin, le focal eile fámaire, nó arb as an bhfréimh chéanna iad? fc. fámaire
+–
Is cumasach an fáiméad d'fhear é, bail ó Dhia air. Tá biseach ann, bíodh an greim ann nó ná bíodh
Níl ann fhéin ach cuimleacháinín nach dtabharfá deich triuf air, ach tá fáiméad de bhean aige agus ní thiocfadh sí isteach an doras sin. Go deimhin, má thosaíonn sé ag cur a chraicinn dó (dhe), ní stró mór uirthi é a cheansú
TUILLEADH (1) ▼
Cár mharaigh tú an fháiméad de bhallach sin … poll Charraig Mh. Ba mhaith é poll Charraig Mh. chuile lá ariamh
+–
Is breá an fháiméad de chruach mhóna atá amuigh aige. Gabhfaidh sí cheithre scóir. Ní stró uirthi é
Is diabhlaí an fáiméad de gharraí fataí é sin atá curtha ag C. ansin thiar. A Dhia dhá tharrtháil! Céard a d'éirigh dó i mbliana? Ní fhaca mé díol dhá chearc ag an bhfear céanna ariamh cheana
TUILLEADH (2) ▼
Tá an-fháiméad talúna ansiúd aige le bóthar agus roinn eile thoir. Ní cheal talúna atá air, dhá mbeadh sé in ann é a shaothrú.
Cáid ó rinne sé an fáiméad de choca feamainne siúd? Ó bhí mise ag an gcladach go deireanach é.
4.
casúr, nó acra a bhfuil cosúlacht aige le casúr saor cloch. Tá droim air ar nós an droim a bhíos ar chúl oird saoir, agus béal ar nós táil. Leis an oakum a dhaingniú isteach idir cláir an bháid é nuair a thosaíos sí ag ligean thríthi. Tá bois ar thaobh dhe agus slis ar an taobh eile. Daingníonn an tslis an t-oakum isteach, agus míníonn an bhois síos é. Is ina thaobh atá an chois.
·
Bhí sé fhéin agus an bhean in árachaigh a chéile. Craicínteacht phoitín a bhí air. Ar ndóigh bhí sé ina snáth mara ar an mbaile sin an uair sin. Meas tú céard a rinne sé nuair a bhain sé fhéin agus an bhean amach sa ropaireacht? A dhul thuas ar an lota, agus a theacht anuas aríst, agus sin a thomhais ort céard a thug sé anuas as? An fáiméad — fáiméad an bháid — le dhul ag lascadh na mná leis. Theith mé fhéin. Theith an bhean …
·
banrach, nó pionna nó gabhann a bhíodh sna buailtí. Cúinne nó limistéar é a sháinnítí le claí a dhéanamh. Chuirtí na laontaí isteach ann lena gcoisceadh ón máthair a dhiúl. Is ann a thugtaí an bainne dóibh thar éis an bhleáin. D'fheicfeá claíochaí na bhfáiméad fós ar thamhnachaí nó in áiteachaí a mbíodh buailtí ar sliabh roimhe seo. Tá an focal fáiméad sa gciall seo ag seargadh sa gcaint. Ach in áiteachaí a bhfuil cuimhne fós ar na buailtí baintear leas as i gcomhair pionna nó banraí ar bith a dhéanfaí le haghaidh uain a locadh, nó gamhna, nó a leithide
+–
Déan fáiméad ansin amuigh le na laontaí sin a chur isteach ann
Ba mhinic a thug mise bainne do laontaí sa bhfáiméad an t-am a mbíodh muid ar buaile
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin ansin thoir go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad róchuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
Féach freisin
→
fámaire
fáiméad in iontrálacha eile (1)
→
drandal
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na drandail dóibh agus a gcuid drad a chur siar ina mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scabhaitéaraí!