Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáinneóireacht: Fáinneáil
Ainm Bhriathar; Ainmfhocal Buineann
deirtear bháinneáil, "bháinneóireacht", agus "máinneáil" leis go minic
ag imeacht ag fánóireacht, ag fánadóireacht, ag fálróid nó ag guairdeall timpeall ag forcamhás ar rud, ag súdaireacht nó ag faire ar dheis, nó ag spreallaireacht gan aon-bhuille oibre, nó a leithide.
+
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
Leigeadh sé dhá chuid fáinneáil timpeall an tí seo má tá a leas ar Dhia. Ní éistfear leis anois thar agus ariamh. Más maith leis ól a dhéanamh iompruíodh sé é
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé an-fhada ag mháinneáil ar an tsráid sul a ndeacha sé isteach
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneál chuile dhuine eile ó obair
Sén áit a bhfeicfeá anois chuile Shatharn é ag fáinneóireacht ar mhargadh na mbanbh ag tnuthán go gcaithfeadh duine eicínt pionnta aige. Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith ar a cheird
Feicim an-mháinneáil ag an gcut sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneóireacht aríst, th'éis a bhfuil de cheangal air. Droch-rath go deó air! Ní choinneóidh aon-gharraí san tír é = ag dul thart le na claidheachaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.

Féach freisin

Fáinneóireacht in iontrálacha eile (1)

 
Níl d'fhiainise agam gurb é a ghoid iad, ach go raibh sé ag fáinneóireacht thart ann ar feadh an lae