Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáinneoireacht, fáinneáil
ainmfhocal baineann, ainm briathartha
deirtear bháinneáil, bháinneoireacht, agus máinneáil leis go minic
ag imeacht ag fánóireacht, ag fánadóireacht, ag fálróid nó ag guairdeall timpeall ag forcamhás ar rud, ag súdaireacht nó ag faire ar dheis, nó ag spreallaireacht gan aon bhuille oibre, nó a leithide.
+
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
Ligeadh sé dhá chuid fáinneáil timpeall an tí seo má tá a leas ar Dhia. Ní eístfear leis anois thar is ariamh. Más maith leis ól a dhéanamh iompraíodh sé é
TUILLEADH (5) ▼
Chaith sé an-fhada ag mháinneáil ar an tsráid sula ndeachaigh sé isteach
Dheamhan buille ar bith a níos sé sin ach ag máinneáil timpeall an bhaile ag coinneáil chuile dhuine eile ó obair
'Sé an áit a bhfeicfeá anois chuile Shatharn é ag fáinneoireacht ar mhargadh na mbanbh ag tnúthán go gcaithfeadh duine eicínt pionta aige. Is suarach an tslí do dhuine ar bith a bheith ar a cheird
Feicim an-mháinneáil ag an gcat sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneoireacht aríst, théis a bhfuil de cheangal air. Drochrath go deo air! Ní choinneoidh aon gharraí sa tír é — ag dul thart le na claíochaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.

Féach freisin

fáinneoireacht in iontrálacha eile (1)

 
Níl d'fhianaise agam gurb é a ghoid iad ach go raibh sé ag fáinneoireacht thart ann ar feadh an lae