Fáinniú
—Briathar
—
"fáir" nó bánú an lae; an bhán-shoillse ag cruthú.
+–
Tá an lá ag fáinniú = tá an fáinne bán ann. (Nuair a chuirtear "lá" san gcaint fáinniú nó fáinneachan adeirtear agus ní fáinne. Ní abruíthear "fáinne" ach leis an "bhfáinne bán", fáinne na fuiseóige)
Tá sé ag fáinniú lae measaim
TUILLEADH (11) ▼
Ag fáinniú lae a bhí sé, nuair a thuit mé in mo chodladh
Ní cheapfainn go bhfuil sé ag fáinniú lae fós
Ó a d'fhan tú cho fada seo, níl aon-ghnatha agad imeacht nó go bhfáinnighe (an) lá.
Ní bheidh moill ar bith ar an lá anois, nó go bhfáinnighe sé
Imeóidh mé ach a bhfáinnighe lá
Tá sé againn ó d'fháinnigh an lá. Chuir sé in ar suí muid
Níor stop an damsa nó gur fháinnigh lá
Fáinníonn sé (an lá) taca an ceathair a chlog anois. 'Ar ndú' céard tá lá Fhéil San Seáin ach seachtain eile
Ní fiú dhuinn corraí anois go fóilleach beag. Fáinneóidh lá faoi cheann ala an chloig
Dhá bhféadadh sibh fanacht go bhfáinníodh an lá fhéin, ach chreidim dheamhan goir agaibh air
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonnaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nar bh'olc an saol é sin!
+–
Tá sé in a fháinniú lae (in a fháinneachan) = bánadh lae; an bán-shoillse ag teacht
Caithfidh mé eirí le fáinniú lae amáireach agus a dhul indiaidh coiníní. Tá foghail déanta aca san ngeamhar sin thuas
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
Bhí sé in a fháinniú an lae ghléigil nuair a tháinig mé abhaile
"Eireóidh mé amáireach le fáinniú an lae ghléigil, agus tiúrfaidh mé an chuairt siúd amach go barr sléibhte" (tús amhráin)
Fáinniú in iontrálacha eile (1)
→
droim
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo 'bhliain ag dul thar druim. Níl ann ach go ndúineann sí ar éigin, agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpuinte. Ag fágáil na tórradha dhuinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin