Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáinnigh
briathar
"fáir" nó bánú an lae; an bhánshoilse ag cruthú.
+
Tá an lá ag fáinniú — tá an fáinne bán ann. Nuair a chuirtear "lá" sa gcaint, fáinniúfáinneachan adeirtear agus ní fáinne. Ní abraítear fáinne ach leis an bhfáinne bán, fáinne na fuiseoige)
Tá sé ag fáinniú lae measaim
TUILLEADH (11) ▼
Ag fáinniú lae a bhí sé nuair a thit mé in mo chodladh
Ní cheapfainn go bhfuil sé ag fáinniú lae fós
Ó d'fhan tú chomh fada seo, níl aon ghnaithe agat imeacht nó go bhfáinní (an) lá.
Ní bheidh moill ar bith ar an lá anois nó go bhfáinní sé
Imeoidh mé ach a bhfáinní lá
Tá sé againn ó d'fháinnigh an lá. Chuir sé inár suí muid
Níor stop an damhsa nó gur fháinnigh lá
Fáinníonn sé (an lá) taca an ceathair a chlog anois. Ar ndóigh céard atá Lá Fhéil San Seáin ach seachtain eile
Ní fiú dhúinn corraí anois go fóilleach beag. Fáinneoidh lá faoi cheann ala an chloig
Dhá bhféadadh sibh fanacht go bhfáinníodh an lá fhéin, ach chreidim dheamhan gair agaibh air
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nárbh olc an saol é sin!
+
Tá sé ina fháinniú lae (in a fháinneachan) — bánadh lae; an bánshoilse ag teacht
Caithfidh mé éirí le fáinniú lae amárach agus a dhul i ndiaidh coiníní. Tá foghail déanta acu sa ngeamhar sin thuas
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
Bhí sé ina fháinniú an lae ghléigil nuair a tháinig mé abhaile
"Éireoidh mé amárach le fáinniú an lae ghléigil, agus tabharfaidh mé an chuairt siúd amach go barr sléibhte" — (tús amhráin)

fáinnigh in iontrálacha eile (12)

+
Cuirtear fáinní i muca lena gcoinneáil ó thochailt
TUILLEADH (10) ▼
Dhá gcaitéa cloch sa bhfarraige dhéanfadh sí fáinní — cineál sciotar uisce nó lonnaí a theagas san uisce. Bíonn siad ag leathnú amach
Tá fáinní ar an uisce. Bradán atá ann leis an lonnadh sin
Thit an breac den duán orm síos sa bpoll aríst. Ní raibh an oiread carghais ariamh orm lena raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
Tá fáinní ina cúl sin — lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
Bíonn a cuid gruaige ina fáinní aici i gcónaí.
Bhí sé ag gearradh fáinní le olc — ag gearradh bogha; duine a mbeadh an-fhearg nó an-chuthach air
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. Ara ag magadh faoi a bhí muid
Bhí sé ag gearradh fáinní ar fud an tí aríst anocht. Taghd eicínt a cuireadh air inniu. Changlódh sé fóthannán fireann le díocas oilc
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ullmhúchan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin
 
droim
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo bhliain ag dul thar droim. Níl ann ach go ndúnann sí ar éigean agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpointe. Ag fágáil na tórraimh dhúinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin