Fálach, Fálach thuas
—/fāləx hūəs/: dhá fhocal comhbhéimeach)
—ainm-fhocal
—ní móide gurb é seo bun-fhuirm an fhocail. Falachúis b'fhéidir? Ach tá an fhuaim de réir na scríbhneoireachta. "Fálach" adeirtear scaití, ach is minicí "fálach thuas", agus bíonn "faitíos" roimhe mórán i gcomhnaí: "faitíos na fálach thuas")
—
faitíos na timpiste; na sleamchúise; rud eicínt ag tárlú nach bhfuil aon-tsúil leis; tuar eicínt a theacht isteach.
+–
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thóigeál caite annsin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin. = bhí faitíos air go salóchaí an hata mara gcuirtí ar chaladh shábhála é
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfidh mé mórán móna síos faitíos na fálach. Bíonn an simléar sin ag puthaíl i gcomhnaí ar an ngaoith anoir seo. = bhí faitíos air nach dtarraingeódh an simléar mar ba cheart dhá gcuireadh sé mórán móna ar an teine
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
+–
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
TUILLEADH (3) ▼
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uiliog é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon-dochar don gharraí siúd féin, mar go bhfuil muid gann
·
Socruigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireódh muid eirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an Aifreann Dé Domhnaigh seo caite. = sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
Féach freisin
→
faitíos
Fálach in iontrálacha eile (5)
Shíl mé gur airigh mé ag brónfháscadh (brúnfháscadh) ar ball í, ach diabhal cor aice fós. Fan as a bealach mar sin féin faitíos na fálach thuas = cloch a bheitheá ag iarraidh a bhriseadh nó a chaitheamh anuas, agus a mbeadh cloch eile fúithe nó in a bealach. Sén brúnfháscadh an gioscán nó an torann a bhainfeadh sí as an gcloich eile (fc. spalla bróin)
+
→
fál
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar fascadh = fascadh ná dídean; áit chosanta
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cúigear aca in mo dhiaidh agus gan fál ná fálach agam le dhul uatha. Isteach liom tigh Th. Sh. faoi dheireadh, agus d'fhuagair mé cara agus coimirce air
→
dia 2
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mara bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas