Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fálach, fálach thuas
/fāləx hūəs/: dhá fhocal comhbhéimeach
ainmfhocal
ní móide gurb é seo bunfhoirm an fhocail. Falachúis b'fhéidir? Ach tá an fhuaim de réir na scríbhneoireachta. Fálach adeirtear scaití, ach is minicí fálach thuas, agus bíonn faitíos roimhe mórán i gcónaí: faitíos na fálach thuas
faitíos na timpiste; na sleamchúise; rud eicínt ag tarlú nach bhfuil aon tsúil leis; tuar eicínt a theacht isteach.
+
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfidh mé mórán móna síos faitíos na fálach. Bíonn an simléar sin ag puthaíl i gcónaí ar an ngaoith anoir seo — bhí faitíos air nach dtarraingeodh an simléar mar ba cheart dhá gcuireadh sé mórán móna ar an tine
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
+
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
TUILLEADH (3) ▼
Breathnaigh ar na claíochaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhratainn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht is go háirid, i ndiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpointe. B'aisteach go dtáinig siad (na beithígh) anois le trí lá i ndiaidh a chéile. Murach go bhfuil bearna leagtha ann, ní chorróidís as an ngarraí
Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas. Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach pointe ar bith, agus dheamhan is móide, ina leaba sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche. Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
Ní chuirfidh muid níos mó sprae (spray) ar an ngarraí siúd faitíos na fálach thuas. Gabhfaidh sé rite linn an oiread a bheith againn agus a riarfas uileag é (an cur ar fad). M'anam muise nach ndéanfadh ceobáinín beag eile aon dochar don gharraí siúd féin mar go bhfuil muid gann
·
Socraigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireodh muid éirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an aifreann Dé Domhnaigh seo caite — sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am

Féach freisin

fálach in iontrálacha eile (5)

 
Breathnaigh amach i ndiaidh an asail sin ar fhaitíos na fálach thuas (fc. fálach)
 
Shíl mé gur airigh mé ag brónfháscadh ar ball í ach diabhal cor aici fós. Fan as a bealach mar sin féin faitíos na fálach thuas — cloch a bheifeá ag iarraidh a bhriseadh nó a chaitheamh anuas agus a mbeadh cloch eile fúithi nó ina bealach. 'Sé an brónfháscadh an gíoscán nó an torann a bhainfeadh sí as an gcloich eile (fc. spalladh bróin)
+
fál
Ní raibh fál ná fálach aige le dhul ar foscadh — foscadh ná dídean; áit chosanta
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cúigear acu in mo dhiaidh agus gan fál ná fálach agam le dhul uathu. Isteach liom tigh Th. Sh. faoi dheireadh, agus d'fhuagair mé cara agus coimirce air
 
dia 2
Lomadh Luain agus marbhfháisc ar an asal sin, mura bhfuil lasctha aríst dó. Caithfear a dhul ar a thóir anois muis, faitíos na fálach thuas