Fálú
—Fáluím etc.
—
fál a chur; claidhe a chur ar áit, nó a sháinniú.
+–
Níor fháluigh siad an tsráid ag an teach nuadh fós = fál a chur uirre
Tá mé ag fálú garraí eile anois, agus b'fhéidir go saothróinn é imbliana le cúnamh Dé = píosa sléibhe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí aca an áit siúd a fhálú. D'fhálódh freisin dhá gcuirtí tréas orra. Fálaíonn an Land Commission áit ar bith mar sin a bhíos siad a roinnt
Tá cion garraí fágha annsin thuas gan fálú. Dheamhan ann ach leac, ach By Dad, gheobhadh beithigh tiomsacht ann san samhradh
Sé fálú an gháirdín é th'éis na foghla(ch) = fál ar an ngort indiaidh na foghlach etc. (fc. foghail)
Níl cead ag aonduine a dhul ag fálú cuid an bhaile mar sin. Is dona an baile a leigfeadh leis é. 'Ar ndú' bhí leath na tíre in a bpailitéaraí roimhe seo, nó gur fháluigh siad talamh mar sin. Dheamhan tréas a bhí dhá chur orra san am sin.
Féach freisin
→
foghail
Fálú in iontrálacha eile (2)
+
→
foghail
"Fál ar an ngort indiaidh na foghlach"; "sé fálú an ghoirt (an gháirdín) é th'éis na foghla" = an rud ba chóir duit a dhéanamh roimhré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
TUILLEADH (1) ▼
Ní thiúrfadh sé aon-fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an táirne, ó d'imigh an fear siúd len a chuid airgid. Sé fálú an ghoirt é th'éis na foghlach. Ní dhearna sé in am é