—
fál a chur; claí a chur ar áit, nó a sháinniú.
+–
Níor fhálaigh siad an tsráid ag an teach nua fós — fál a chur uirthi
Tá mé ag fálú garraí eile anois, agus b'fhéidir go saothróinn é i mbliana le cúnamh Dé — píosa sléibhe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí acu an áit siúd a fhálú. D'fhálódh freisin dhá gcuirtí tréas orthu. Fálaíonn an Land Commission áit ar bith mar sin a bhíos siad a roinnt
Tá cion garraí fágtha ansin thuas gan fálú. Dheamhan ann ach leac, ach By Dad, gheobhadh beithígh tiomsacht ann sa samhradh
'Sé fálú an ghairdín é théis na foghla(ch) — fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach srl. (fc. foghail)
Níl cead ag aon duine a dhul ag fálú cuid an bhaile mar sin. Is dona an baile a ligfeadh leis é. Ar ndóigh bhí leath na tíre ina bpailitéaraí roimhe seo nó gur fhálaigh siad talamh mar sin. Dheamhan tréas a bhí dhá chur orthu san am sin.
Féach freisin
→
foghail
fálaigh in iontrálacha eile (6)
+
→
foghail
Fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach; 'sé fálú an ghoirt (an ghairdín) é théis na foghla — an rud ba chóir duit a dhéanamh roimh ré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
TUILLEADH (1) ▼
Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid. 'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
→
deachma
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
→
do- 2
Tá an talamh atá ansin thuas againn dochoisnithe. D'fhéach mé lena chosaint anuraidh agus arú anuraidh. D'fhálaigh mé é, bhioraigh mé na claíochaí, chuir mé sceacha orthu, ach bhí mo shaothar in aisce agam. Bhí siad leagtha go talamh faoi cheann coicíse
Má roinntear an criathrach chor ar bith, roinnfear droimscoilte ar an mbaile é. Déanfaidh siad tórainneacha agus cead ag chuile dhuine ansin a chuid féin a fhálú más breá leis. Dheamhan an miste leo siúd dá mbeadh dlí faoi chuile lá sa tseachtain. Nach é a mbuac é: tuilleadh saothraithe dóibh fhéin