Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fámaireacht
Ainm Bhriathar
1.
a bheith ar scíth, nó do do shlánú fhéin chois na farraige; a bheith ag déanamh aeir.
+
Tá sé le dul ag fámaireacht go Corcaigh imbliana. Deir sé nach bhfuil áiteachaí fámaireacht ar bith in Éirinn is fhearr ná atá ann. Tá maith ar leith san bhfarraige ann. Tá sí thar cionn ag slanú lucht criotáin
'Ag imeacht ag fámaireacht nó ag fólaim Gaeilge atá tusa bail ó Dhia ort … An péire i dteannta a chéile! Is fhearr ná sin é.
TUILLEADH (1) ▼
Fuaigh siad siar Bóthar na Trágha inniu ag fámaireacht daofa fhéin. Tá an-tsaol aca
2.
a bheith ag streilleachas nó ag fálróid thart gan mhaith gan mhaoin, nó ag súil le solamar b'fhéidir.
+
Is beag é a mhaith ná a mhaoin sin, ach imithe ag fámaireacht ar fud na mbailteachaí, agus má chasann leadaí — a leithide eile fhéin air — luighe siar ar chnocán agus an lá a chaitheamh
Meastú an mbainfidh an fhámaireacht seo móin duit? Cuireadh soir ag an siopa thú, agus tá trí huaire bainte amach thoir agad, i leabaidh a bheith san mbaile ar ionntódh an tsoip aríst
TUILLEADH (1) ▼
Ag imeacht ag fámaireacht leis mar sin ó theach go teach, ag súil le tae a bhíos sé sin. Súdaire bradach é

Fámaireacht in iontrálacha eile (1)

 
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air marach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapuigh mé é! Bhí sé in a shuí thíos ar cholbh an Characáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí shoir ar an Meath-Dhúirlinn a bhí mé fhéin. "Lá breá é" adeir sé … Bhain muid amach san seanchas. "Gaeilgeóir thú" adeirimse. "Ní hea" adeir sé. "Ag fámaireacht atá mé". D'fhiafraigh sé annsin tuige na cuailleachaí. D'innis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. "An 'sbáinfeá dhom é" adeir sé … = ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneóireacht air