fámaireacht
—ainm briathartha
1.
a bheith ar scíth, nó do do shlánú fhéin chois na farraige; a bheith ag déanamh aeir.
+–
Tá sé le dul ag fámaireacht go Corcaigh i mbliana. Deir sé nach bhfuil áiteachaí fámaireacht ar bith in Éirinn is fhearr ná atá ann. Tá maith ar leith sa bhfarraige ann. Tá sí thar cionn ag slanú lucht creatáin
Ag imeacht ag fámaireacht nó ag foghlaim Gaeilge atá tusa bail ó Dhia ort … An péire i dteannta a chéile! Is fhearr ná sin é.
TUILLEADH (1) ▼
Fuaigh siad siar Bóthar na Trá inniu ag fámaireacht daofa fhéin. Tá an-tsaol acu
2.
a bheith ag streilleachas nó ag fálróid thart gan mhaith gan mhaoin, nó ag súil le solamar b'fhéidir.
+–
Is beag é a mhaith ná a mhaoin sin, ach imithe ag fámaireacht ar fud na mbailteachaí, agus má chasann leadaí — a leithide eile fhéin air — luí siar ar chnocán agus an lá a chaitheamh
Meas tú an mbainfidh an fhámaireacht seo móin duit? Cuireadh soir ag an siopa thú, agus tá trí huaire bainte amach thoir agat, i leaba a bheith sa mbaile ar iontódh an tsoip aríst
TUILLEADH (1) ▼
Ag imeacht ag fámaireacht leis mar sin ó theach go teach, ag súil le tae a bhíos sé sin. Súdaire bradach é
fámaireacht in iontrálacha eile (1)
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air murach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapaigh mé é! Bhí sé ina shuí thíos ar cholbha an Charracáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí thoir ar an Meathdhuirling a bhí mé fhéin. 'Lá breá é,' adeir sé … Bhain muid amach sa seanchas. 'Gaeilgeoir thú,' adeirimse. 'Ní hea,' adeir sé. 'Ag fámaireacht atá mé.' D'fhiafraigh sé ansin tuige na cuailleachaí. D'inis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. 'An 'speáinfeá dhom é,' adeir sé … — ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneoireacht air