1.
seachrán, fuaidreamh; imeacht; chun drabhláis; díbirt; imeacht mhí-rathúil; mí-rath; ar staid mhí-fhortúnaigh.
a.
+–
Tá fán air = é imithe ar seachrán nó indiaidh a chinn roimhe; duine nach mbeadh aon-áras seasta aige fhéin
Tá an fán fada anois air = é imithe i bhfad ó láthair indiaidh a chinn roimhe
TUILLEADH (4) ▼
Tá an fán fada agus an seachrán anois air ar chaoi ar bith
Fán fada go raibh air, mara fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
Tá fán air ón a mhuinntir fhéin
Tá fán síos agus suas ar fud an tsaoil air ón lá sin ar thug an sagart a mhallacht dó
+–
Sin é an fear a chuir fán uirre ón a muinntir féin. Agus ní phósfadh sé í in a dheidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag cómhrádh leis sin. Caithfidh an dícéille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
Is mór ar chuir a athair sin fán orra roimhe seo. Bhánuigh sé an baile sin thoir ar fad. Droch-thiarna a bhí ann. Ach tá na préacháin ag déanamh neadrachaí in a chuid simléar anois
TUILLEADH (2) ▼
Ní chomhnóidh sé go gcuire sé fán ar fad ort
Shíl mé go raibh sé sin in a shuí go te, nó céard a chuir fán agus seachrán an tsaoil mar sin air?
+–
Ní shásódh rud ar bith anois é ach fán a fheiceál ar a bhfuil san teach sin thíos. Dhá bhfeiceadh sé féar go fragh leis bheadh glionndar air
"Sé do mhéin mhaith agus do cháilíocht a d'fhága fán orm i bhfad ó bhaile" (as "Cuachín Gleanntán Éifinn")
TUILLEADH (3) ▼
Sén píobán (an t-ól) a d'fhága fán air. Diabhal ceó eile
Tá sí imithe ar fán ón a muintir fhéin
D'imigh sé chun fáin = chuaigh sé ar seachrán nó indiaidh a chinn roimhe i bhfad ó bhaile
+–
Tá sé imithe le fán an tsaoil anois = chun drabhláis; bochtuithe; ar seachrán; gan aon-chrích
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht = chaill sí a cliú agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé le S. ariamh ariamh nó gur chuir sé le fán é. Dhíbir sé as an teach é
b.
+–
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnuithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tsean-lánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uatha agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag án a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nar bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt annsin anois: ise in a cailleach agus eisean in a sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar aca
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart dó áird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaithnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar aca anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó atá sé agam anois ní leigfidh mé uaim é. Faghadh sé bean anois agus pósadh sé istigh san teach seo. Ní bhfuighidh aon-duine eile tús air
c.
amú; diomallú.
·
Is cosúil go bhfuil na gamhna seo imithe le fán = ar iarraidh
Cuireann an ceann céanna chuile shórt le fán = amú; diomalluíonn sé chuile shórt; fágann sé gach rud in a dhiaidh
2.
ag obair ar pháighe.
+–
Tá sé le fán anois = duine saidhbhir no meath-shaidhbhir a bhochtóchaí agus a ghabhfadh amach ar páighe (fc. fánaí)
Is mór an chéim síos dó é go gcaithfidh sé a dhul le fán. Chonnaic sé an dá shaol a mhaisce. Cuimnímse ar an uair nach mbeadh call dó sin cois a chorraí den chois eile ach neart buachaillí agus cailíní aige le chuile shórt a dhéanamh dhó. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na carnaoileachaí ag eirí
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuigheall na bhfuigheall ariamh go dtí an saol seo fhéin!
Ní cás dó é má bhíonn sé indon snáth a choinneál faoin bhfiacal agus nach mbeidh air a dhul le fán
Féach freisin
→
fánach
Fán in iontrálacha eile (14)
→
buille
Cailín a' bith a' n-aireocha an leiciméara siúd aon-bhuille bog innte, is bean le fán a' tsaoghail í.
→
fuacht
Phós sé droch-bhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go cruadh. Ba ghearr nar rug an teas ar an bhfuacht air. Annsin chuir sé an áit faoi channdáil. Ba mhór an feall é!
Diabhal bliain ó indiu go bhfeicidh tú deireadh an airgid sin le fán. An rud a fhaightear go dona, imigheann sé go dona
→
doiligh
An lá ar phós sé isteach ins an bpriobáinín talmhana sin, déarfá narbh fhiú do sheacht mallacht é, agus go raibh sé ag cur a shaoghail le fán le dhul ag plé leis. Breathnuigh indiu air. Cá'il an priobáinín talmhana. Tá sé in a fheilm agus é féin in a ridire. Is deacair an sean-fhocal a shárú. Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doilighe a rádh nach h-eadh
→
drabhlás
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí giodán deas talmhana annsin thuas. A n-athair a shaothruigh 'chuile throigh dó. Bogach bháidhte a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath agus ar imigh sé, chuaidh an droch-rath air. Ní ba droch-rath go dtí é. Ó'n máthair a thug siad an drabhlás. InDomhnach bhí sí féin cho dona le ceachtar aca. Is minic a chaith sí oiche go maidin thíos ag an D. in a dteannta. Cé'n chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar bhí siad. Fuair duine aca bás ar an sliabh. An ceann eile d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaghadh sé glaodhach. Is beag an chomhnuí a ghníodh sé in aon áit. Ins an "bpoorhouse" a bhásuigh sé ins an deire sílim. Ag S. É. atá a gcuid talmhana anois. Tá an teach tuithte. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orra sin.
→
droim
Tabhair do dhruím dó sin, má tá barúintí do leasa fút. Is iomdha duine a d'fhága sé sin le fán cheana
→
duifean
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoin a bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deó ar an gcogadh céanna: is iomdha buachaill maith le fán aige
→
díbir
Chaith siad sin a saoghal ag cur díbirt' agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha ins na simléir aca féin anois. Má's feall fillfear
→
díogha
Ní de'n díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nachar fhéad aon-duine ariamh a dhul ag ithe ná gearradh orra. Níor dhúin siad a súil ariamh ar bhaintreabhach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anshógha. Is mór a bheadh le fán ins an saoghal a chuaidh thart marach iad sin. Tá a fhios agad nachar eitigh T. M. aon-duine ariamh faoi'n rud a bheadh aige