Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fánaí
(le fear) ar páighe; ag spailpíneacht; ag saothrú.
+
Ní féidir fir fánaí a fháil anois = fir a ghabhfadh ar páighe leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtiúrfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith in a fhear fánaí agad
Cá bhfuighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
TUILLEADH (3) ▼
Bhídís sin uiliog ag imeacht in a bhfir fánaí, agus shaothruigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
Ní bhfuightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag san ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leó a rogha rud a dhéanamh. Má thogruíonn siad an lá a chaitheamh in a luighe, níl aon-ghoir agad cur chuca ná uatha. Má chuireann imeóidh siad, agus beidh tú gan Murcha gan Mánas annsin

Féach freisin

fear
fán

Fánaí in iontrálacha eile (6)

 
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
Níl duine dhá fhánaí thíos inGaillimh nach bhfuil aithne aige air = the most insignificant
TUILLEADH (1) ▼
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
 
failic
An fhailic is fánaí a gheobhfadh bó ar an dubhlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tuithe in a phleibistín
 
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí indon carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí, nach bhfuil sí tuithe leis an truisle atá inte. Ní bheidh lá sása(imh) aige uirre go deó go ndíola sé í
 
dia 1
Go deimhin féin is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caithte ann