Fánaí
—Ainmfhocal
—
duine a bhíos ag fánaíocht; duine a bhíos ag imeacht ar bheagán maitheasa; duine a bhíos ag fálróid in ainm agus a bheith ag obair ach nach mbíonn sé ag obair; duine a bhíos ag déanamh oibre arb fhearr gan déanamh í; duine a bhíos ag imeacht indiaidh a chinn roimhe.
·
Céard atá an fánaí seo thíos a dhéanamh inniu? 'Ar ndú' is beag an rath sin, mo léan = duine a bhíos ag fánaíocht, ach cialluíonn sé fánadóir, (nó duine a bheadh le fán nó ag imeacht indiaidh a chinn roimhe) go minic freisin
Fánaí in iontrálacha eile (6)
→
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
→
fánach
Níl duine dhá fhánaí thíos inGaillimh nach bhfuil aithne aige air = the most insignificant
TUILLEADH (1) ▼
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
→
failic
An fhailic is fánaí a gheobhfadh bó ar an dubhlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tuithe in a phleibistín
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí indon carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí, nach bhfuil sí tuithe leis an truisle atá inte. Ní bheidh lá sása(imh) aige uirre go deó go ndíola sé í
→
dia 1
Go deimhin féin is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caithte ann