fánaí
—ainmfhocal
—
duine a bhíos ag fánaíocht; duine a bhíos ag imeacht ar bheagán maitheasa; duine a bhíos ag fálróid in ainm is a bheith ag obair ach nach mbíonn sé ag obair; duine a bhíos ag déanamh oibre arb fhearr gan déanamh í; duine a bhíos ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe.
·
Céard atá an fánaí seo thíos a dhéanamh inniu? Ar ndóigh is beag an rath sin, mo léan — duine a bhíos ag fánaíocht, ach ciallaíonn sé fánadóir, (nó duine a bheadh le fán nó ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe) go minic freisin
fánaí in iontrálacha eile (23)
→
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
+
→
fánach
Níl duine dhá fhánaí thíos i nGaillimh nach bhfuil aithne aige air — the most insignificant
TUILLEADH (1) ▼
Níl focal dá fhánaí dhá n-abrófá as do bhéal nach gcaithfeadh sé chuile údar a fháil faoi
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
Má théim ag iarraidh fear fánaí, dar mo choinsias, ní hé an cipiléirín sin a bhéarfas mé liom.
→
cúl
Chomhuain is mhair an tseanmhuintir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaí a ól sa teach thar cheann de ló, mura n-óltaí ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaigheadh na fir fánaí a bhíodh acub ar a mbricfeasta. Cén bhrí ach tae i chuile theach sa tír an uair chéanna.
→
breá
Níor íoc sé an fear fánaí deiridh a bhí aige fós agus nach breá a chuaigh fear eile leis ina dhiaidh sin — níor íoc sé tuarastal an fhir páí a bhí aige go deireanach agus nach iontach a chuaigh fear eile ag obair aige ina dhiaidh sin.
→
feighil
Nach é a bhíonns ar bhfeighil a ghnaithí i gcónaí, ach is dhó is fusa ó fhéadann sé fir fánaí a íoc.
Beidh mé in mo bhúilleach ag an bhféar sin mura n-éirí liom fear fánaí a fháil — mura bhféada mé duine a fháil ar a lá páí, cinnfidh sé orm aon chóir a chur ar an bhféar cheal cúnta
→
failic
An fhailic is fánaí a gheobhadh bó ar an dúlia leagfadh sé í. Nach bhfuil an duine ar an gcaoi chéanna? Níl neart aige iarraidh ar bith a fháil ar an gcamóig ara nach bhfuil sé tite ina phleibistín
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí in ann carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí nach bhfuil sí tite leis an truisle atá inti. Ní bheidh lá sásaimh aige uirthi go deo go ndíola sé í
→
dia 1
Go deimhin féin, is furasta giorrú leis siúd. An buille is fánaí ar bith, chuirfeadh sé ag tabhairt na gcor é. 'Sé a bhfuil ann go bhfuil an t-anam caite ann
→
droim
Is gearr go mbeidh sé de dhroim tí agus árais má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith i mbliana thar is ariamh. Láí níor chuir sé i dtalamh ó tháinig earrach nó gur imigh sé, cé is moite de na cupla súileoigín fhataí a chuir fear fánaí dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aon duine. Bhí áit theolaí aige muise dhá dtugadh sé aire dhó
→
díol 2
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith in ann a dhul ina nurse. Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaí ar bith a thógáil
Tá neart fir fánaí díomhaoineach ar fud na tíre, agus breá nach bhfaigheann sé duine acu, agus an stoca fada siúd (sparán) a bhearnú
→
dólámh
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid fir fánaí! Ní bhfaightheá fear fánaí anois ar ór ná ar airgead. Tá siad ag lascadh dólámh go Sasana
→
dúchan
Déanfaidh sé dúchan mar a ghníos sé féin, ach go deimhin is go dearfa is maolscríobach an cur a thugas sé orthu (fataí). Ar ndóigh sin é a bhfuil uaidh. Fear fánaí ar bith a dhéanfas dúchan mór dó, beidh sé molta aige. Chonaic mé ansiúd thíos anuraidh é, agus bhí leath na síolta leis. Dheamhan clúdú a thug sé ar a leath ariamh. Is furasta dúchan a dhéanamh ar an gcaoi sin: rith orthu
→
téigh le
Chuaigh P. Sh. dhá lá leis ar son Dé agus bhain sé naoi scilleacha sa ló dhó (dhe). Tá breith a mbéil féin anois ag fir fánaí
Nach bhfuil airgead ag dul fút is tharat san áit a bhfuil tú má tá sé de rath ort a shaothrú. Tá an oiread criathraigh ansin thuas agat agus nach bhfeicfidh tú ídithe go brách é. Breá nach mbaineann tú móin? Tá daoine thart ansin ar na bailteachaí ag stróiceadh ag iarraidh fir fánaí agus ní ghabhfá leo